An difríocht idir athruithe ar: "George Martin"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 2:
 
== Cúlra ==
Rugadh Martin i Holloway i dtuaisceart Londan sa bhliain 1926. Siúinéir ba ea a athair, agus teaghlach bocht a bhí ann, rud a d’fhág nach raibh Martin ábalta stáidéar a dhéanamh ar an gceol. Ba mhór an tsuim a bhí aige ann, áfach, agus d'fhoghlaim sé conas an [[pianó]] a sheinm uaidh féin. Sa bhliain 1943, agus é in aois a sheacht mbliana déag, rinneadh píolóta agus oifigeach de sa Chabhlach Ríoga, ach chríochnaigh an cogadh sula raibh deis aige dul ag troid, agus d’fhág sé an tseirbhís sa bhliainbbhliain 1947. Bhí sé sa Guildhall School of Music and Drama idir na blianta 1947 agus 1950, áit a ndearna sé staidéar ar an bpianó agus ar an óbó, agus suim aige i gceol Rachmaninov, Ravel, Cole Porter agus Johnny Dankworth.
 
Ar 3 January 1948 phós sé Sheena Chisholm, agus bhí beirt pháistí acu: Alexis agus Gregory. Phós sé Judy Lockhart-Smith ar 24 June 1966, agus rugadh beirt pháistí eile: Lucy agus Giles.