An difríocht idir athruithe ar: "Dónall Ó Braoin"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Bhí '''Dónall Ó Braoin''' ina throdaí saoirse agus ina pholaiteoir d'[[Fianna Fáil|Fhianna Fáil]]. Saolaíodh sa bhliain 1894 é, agus fuair sé bás ar an 27ú lá de Mhí na Nollag 1969.
 
Rugadh an Braonach, nó ''Dan Breen'', mar a thugtaí air as Béarla, do lánúin feirmeoirí ar [[An tSulchóid Bheag|an tSulchóid Bheag]] i gCog[[Contae Thiobraid Árann|Co.]] [[Tiobraid Árann|Thiobraid Árann]]. Fuair sé oideachas san áit chéanna sula ndeachaigh sé leis an bpláistéireacht mar shlí beatha. Ina dhiaidh sin, bhí sé ag obair ina fhear líne don [[Great Southern Railway|Ghreat Southern Railway]]. Chuaigh sé sna h[[Óglaigh na hÉireann|Óglaigh]] sa bhliain 1914. Ar an aonú lá fichead de Mhí Eanáir 1919, an lá céanna ar tháinig [[An Chéad Dáil|an chéad Dáil]] le chéile i mBailem[[Baile Átha Cliath]], bhí an Braonach páirteach i luíochán ar an tSulchóid Bheag. Faoi cheannas [[Seán Ó Treasaigh|Sheáin Uí Threasaigh]], d'ionsaigh dornán d'Óglaigh díorma de [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|shaighdiúirí dubha]] a bhí díreach ag seoladh lasta ábhair phléasctha go dtí cairéal na háite. Fuair beirt saighdiúirí dubha bás sa teagmháil. Is gnách glacadh leis gurbh é an cath seo a chuir tús le [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh na Saoirse]] in Éirinn.
 
Le linn an chogaidh, gheall na Gaill duais deich míle punt d'aon duine a chimeodh an Braonach. Mar sin féin, bhí sé in ann é féin a chur i gceannas ar chuid mhór de na hÓglaigh. Ábhar scéalaíochta agus seanchais is ea é a chrógacht mar Óglach. Nuair a bhí an dá chogadh - Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad - thart, vótáladh isteach ar an Dáil é sa bhliain 1923, mar Phoblachtánach a bhí in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh.