An difríocht idir athruithe ar: "Vega (réalta)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
Baineann Vega leis an aicme speictreach A0V, agus í beagáinín níos teo ná Sirius, atá san aicme A1V. Réalta de chuid an [[Príomhsheicheamh|phríomhsheichimh]] atá ann, agus í ag comhleá hidrigin go héiliam. Ós rud é go bhfuil Vega chomh te sin, is dócha nach mbeidh sí leath chomh fadsaolach ná na réaltaí níos fuaire ná í, ar nós ár [[An Ghrian|nGréine]] féin. Tá dhá uair go leith níos mó maise i Vega ná sa Ghrian, ach tá sí á dó caoga uair níos fuinniúla.
 
De thoradh an fheiniméin ar a dtugtar an [[luainíocht]], tiocfaidh Vega in áit [[Stella Polaris]] mar réalta pholach, de réir a chéile. Thart ar an mbliain 14,000 i ndiaidh bhreith Chríosta, beidh Vega ina réalta pholach ar spéir an tuaiscirt.