An difríocht idir athruithe ar: "Sabhna"

Content deleted Content added
m robot Adding: cv, ro, sl, tr
Replace image of uncertain copyright status with free version from commons.
Líne 1:
Is é is '''sabhna''' (nó ''sauna'' as [[Fionlainnis]]: ''teach allais'' nó ''galfholcadán'') ann ná teach nó seomra te le haghaidh galfholcadh. Téann stair an ghalfholctha siar go laethanta na sean-Róimhe, ar a laghad, ach nuair a chuaigh an Chríostaíocht i bhfairsinge in Ilchríoch na hEorpa, cuireadh deireadh leis an nós, ó bhí meas na mígheanmnaíochta ag na sagairt air. Mar sin, níor mhair an galfholcadh beo ach in áiteanna iargúlta, cosúil leis an bhFionlainn, agus nuair a thosaigh sé ag éirí faiseanta arís, shíl na daoine gur nós Fionlannach a bhí ann.
 
[[Íomhá:Smoke sauna.JPG|thumb|280px240px|Sabhna (gan simléar) san [[An Fhionlainn|Fhionlainn]].Tá an ''savusauna'' traidisiúnta seo ina sheasamh in [[Enonkoski]], in oirthear na Fionlainne.]]
An chuid is mó de na teangacha Eorpacha, tugann siad ''sauna'' ar an seomra galfholctha, ach tá téarmaí dá gcuid féin ag na Sualannaigh agus na Rúisigh air: ''bastu'' a deirtear as [[Sualainnis]], agus ''banya/баня'' as [[Rúisis]].
 
Líne 8:
==Sorn an tsabhna==
 
[[Íomhá:SornsabhnaVikiSauna stove narvi 02.jpgJPG|thumb||Sorn sabhna de dhéantús an chomhlachta [[Viki-Sauna]] i g[[Kurikka]]"Narvi".]]
 
I sorn atá ceaptha le haghaidh sabhna, tá clocha os cionn na tine nó an téiteora leictrigh. (An focal Fionlainnise a chiallaíonn "sorn sabhna", is é sin, ''kiuas'', i dteanga an lae inniu, chiallaigh sé "carn cloch" fadó, rud atá le haithint ar na logainmneacha i gcónaí.) Is gnách na clocha a théamh go dtí go dtiocfaidh luisne iontu, agus ina dhiaidh sin, is féidir an tine féin a mhúchadh agus sult a bhaint as an teas a fhad is a mhairfidh sé sna clocha. Cuid de na sornóga leictreacha atá in úsáid inniu, áfach, tá siad á dtéamh go leanúnach, i gcruth is nach n-imíonn an luisne sula múchtar an gléas leictreach.