An difríocht idir athruithe ar: "Éilís Ní Dhuibhne"

Content deleted Content added
m Naisc/spás
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir agus criticeoir [[Éire]]annach is ea '''Éilís Ní Dhuibhne''', a rugadh sa bhliain [[1954]] i m[[Baile Átha Cliath]]. Tugtar '''Elisabeth O'Hara''' uirthi freisin. Bhain sí amach dochtúireacht sa [[An Béaloideas|Bhéaloideas]] sular thosaigh sí ar phost mar choimeádaí leabharlainne i [[Leabharlann Náisiúnta na hÉireann]]. Is i ngort na [[litríocht]]a, áfach, is mó atá cáil agus clú uirthi. Scríobhann Ní Dhuibhne as [[Béarla]] agus as Gaeilge, agus clúdaíonn a saothar réimse maith ábhar: [[úrscéal]]ta, gearrscéalta, [[dráma]]í, agus scéalta do leanaí san áireamh. Maidir leis an mBéarla, is óna peann atá na húrscéalta: ''The Bray House'' (1990), ''Singles'' (1992), agus ''The Dancers Dancing'' (1999), a cuireadh ar ghearrliosta an duais Orange 2000. Ceithre chnuasach de ghearrscéalta atá foilsithe aici go nuige seo: ''Blood and Water'' (1988), ''Eating Women is Not Recommended'', ''The Inland Ice and Other Stories'' (1997), agus ''Pale Gold of Alaska and Other Stories'' (2001). Le haghaidh páistí a scríobhadh ''The Uncommon Cormorant'', ''The Hiring Fair'', agus ''Hugo and the Sunshine Girl''.
 
Ó thaobh na Gaeilge de, is iad na drámaí ''Milseog an tSamhraidh'' agus ''Dún na mBan'' na chéad shaothair a foilsíodh, ach is é ''Dúnmharú sa Daingean'' (2000) a rinne údar mór-le-rá [[Gaeilge]] di. Lean úrscéal eile ''Cailíní Beaga Ghleann na mBláth'' in 2003. Baineann Ní Dhuibhne leas as Gaeilge shimplí sho-léite, a bhfuil rian an Bhéarlachais uirthi go minic, chun scéalta casta lán de mhothúchán a chur os comhair an léitheora. Is minic a úsáideann sí miotais na Gaeilge, ar nós foirfeacht na [[Gaeltacht]]a, sonas na gcoláistí samhraidh, nó neamhurchóideachas an bhéaloidis, mar chúlra ar a thaispeánann sí castacht an tsaoil agus an chine dhaonna. Is ball d'[[Aosdána]] í.
Líne 45:
==Tagairtí==
{{reflist}}
*Rebecca Pelan, eag, Éilís Ní Dhuibhne: Perspectives. Gaillimh, Arlen House, 2009.
 
==Naisc Sheachtracha==