An difríocht idir athruithe ar: "An Mhanchúir"

Content deleted Content added
No edit summary
Naisc +Íomhá
Líne 4:
Labhair na Manchúraigh [[Teangacha Tungúsacha|teanga Thungúsach]], cosúil leis na treibheacha eile sa Mhanchúir. Sa bhliain 1644, shealbhaigh na Manchúraigh Beijing, agus bhunaigh siad Rítheaghlach Qing, an rítheaghlach deireanach a bhí ag rialú Impireacht na Síne. Rinne siad dearmad dá dteanga in imeacht na mblianta, áfach. Inniu, is ar éigean a chloisfeá focal Manchúirise sa Mhanchúir féin, cé go n-aithníonn an stát Síneach na Manchúraigh mar dhream eitneach ar leith i gcónaí.
 
I dtús na fichiú haoise, bhí an Rúis agus [[an tSeapáin]] ag cur suime sa Mhanchúir, agus iad den tuairim gur réigiún tábhachtach straitéiseach a bhí ann. Mar sin, d'éirigh ina [[Cogadh na Rúise is na Seapáine|chogadh]] eatarthu sa bhliain 1904. Bhuaigh an tSeapáin an cogadh, agus b'éigean don Rúis an chuid den Mhanchúir a thabhairt ar ais don tSín a bhí forghafa aici roimhe sin. Chuaigh trúpaí Seapánacha i seilbh an [[iarnród|iarnróid]] a bhí ag rith tríd an Manchúir, le go mbeadh an tSeapáin in ann amhábhair a iompar ón Manchúir go dtí [[an Chóiré]].
 
[[File:IJA tank in Manchuria.jpg|thumb|Saighdiúirí Seapánacha sa Mhanchúir, 1931]]
Sa bhliain 1931, d'fhorghabh na Seapánaigh an Mhanchúir. Bhunaigh siad stát soip ansin - Manchukuo - agus chuir siad Pu Yi, iar-Impire na Síne, á rialú.
 
Níor tháinig [[an Dara Cogadh Domhanda]] go dtí an Mhanchúir ach ar an 8 Lúnasa 1945, nuair a mháirseáil na trúpaí Sóivéadacha isteach. Roimhe sin, bhí conradh síochána i bhfeidhm idir [[an tAontas Sóivéadach]] agus an tSeapáin.
 
Sna blianta go díreach i ndiaidh an chogaidh, bhí Arm Fuascailte Mhuintir na Síne - arm Cumannach Mao Zedong - i seilbh na Manchúire. Ón mbunáit seo a tháinig na trúpaí [[Cumannachas|Cumannacha]] a shealbhaigh [[Beijing]] sa bhliain 1949 agus a rinne Daonphoblacht Chumannach den tSín.
 
Nuair a thosaigh an cairdeas idir an tSín Chumannach agus an tAontas Sóivéadach ag fuarú, áfach, d'éirigh ina chogadh eatarthu faoin teorainn sa Mhanchúir. Bhí cathanna fuilteacha timpeall Oileán Damansk (Oileán Zhenbao) ach go háirithe, sa bhliain 1969. Chiúnaigh na cathanna seo síos ina dhiaidh sin, ach ní raibh na Sínigh agus na Rúisigh in ann an t-easaontas seo a shocrú ach i ndiaidh dheireadh an [[Cogadh Fuar|Chogaidh Fhuair]].
 
[[Catagóir:An tSín]]