An difríocht idir athruithe ar: "Ollnóva"

Content deleted Content added
m roboto aldono de: jv:Supernova
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Keplers supernova.jpg|deas|250px|thumb|Ollnóva Kepler. Iarsmaí an ollnóva ar chuir an réalteolaí [[Johannes Kepler]] sonrú ann sa bhliain 1604.]]
Is é an t-'''ollnóva''' an phléasc mhillteanach is dual do na réaltaí móra a dhéanamh, agus iad i ndeireadh a gcuid hidrigine. Nuair a rithfidh an hidrigin gann ar an réalta, tosóidh na dúile níos troime taobh istigh den réalta á g[[comhleá]] go dúile níos troime fós. Nuair a shroichfidh an fhorbairt seo núicléas (croílár) na réalta, cuirfear a struchtúr inmheánach trí chéile chomh hiomlán is go séidfear an réalta go léir amach ina [[sceall fairsingíoch]]. Mura bhfuil an réalta róthrom, ní fhágfar a dhath di ach an sceall seo agus é á scaipeadh i ngach treo amach ins an spás. Ag réaltaí troma, áfach, is iad na cisil is faide amach ón gcroílár amháin a phléascfaidh, agus an croílár féin ag imphléascadh - is é sin, ag crapadh isteach chuige féin faoi bhrú na pléisce agus a imtharraingthe féin ([[imphléasc imtharraingthe]]) le hiompú ina [[neodrónréalta]] nó ina [[dúpholl|dhúpholl]].