An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"

Content deleted Content added
m robot Adding: sco:Michael Collins
Líne 81:
Nuair a tháinig [[an Sos Cogaidh]], hullmhaíodh comhdháil síochána idir [[Rialtas na Breataine Móire]] agus cinnirí na Poblachta nach bhfuair aitheantas idirnáisiúnta go fóill, ach amháin ón [[APSS|Aontas Sóivéadach]], a bhí go mór mór in anás airgead iasachta ó na hÉireannaigh. Cé go raibh de Valera agus [[Gael-Mheiriceánaigh]] chlúiteacha ag déanamh stocaireachta i [[Washington, D.C.]], agus [[Seán T. Ó Ceallaigh]] ag comhdháil síochána [[Versailles]], le haitheantas a bhaint amach don Phoblacht, ní raibh sé le fáil.
 
I Mí Lúnasa sa bhliain 1921, d'athraigh an Dáil oifig de Valera ón bPríomh-Aireacht go hUachtaránacht na hÉireann, le go mbeadh sé ar aon leibhéal leis an [[Seoirse V na Ríochta Aontaithe|Rí Seoirse a Cúig]]. Ansin, chuir sé iontas ar an saol ar fad, nuair a d'fhógair sé nach nglacfadh sé páirt sna comhchainteanna, ach oiread leis an Rí.
 
Ina áit sin, bhronn sé lánchumhacht ar thoscaireacht a chuir sé go Londain. Is é is brí leis an "lánchumhacht" ná go raibh sé ar chumas na dtoscairí seo conradh síochána a shíniú leis na Gaill gan faomhadh a fháil roimh ré uaidh féin. B'iad [[Art Ó Gríofa]] agus Mícheál Ó Coileáin a chuaigh i gceannas ar an toscaireacht. Bhí an Coileánach iontach míshásta leis an gcomhairle seo, nó is é an tuairim a bhí aige féin ná gur chóir do Dev féin na cúrsaí seo a phlé leis na Sasanaigh. Ina dhiaidh sin is uile, thoiligh sé dul go Londain.