An difríocht idir athruithe ar: "Hollywood (Los Angeles)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 9:
 
[[Íomhá:Hollywood_sign.jpg|thumb|260px|An comhartha ''Hollywood'']]
 
==Stair==
 
Ní raibh ach aon bhothán bocht amháin ina sheasamh anseo sa bhliain 1853, ach de réir a chéile, d'fhás pobal beag feirmeoireachta ina thimpeall. Cahuenga an t-ainm a bhí ar an bpobal seo, agus tá a lán scéalta á n-insint faoin dóigh a bhfuair an ceantar an t-ainm clúiteach atá air inniu. Dealraíonn sé gurbh iad Harvey Henderson Wilcox agus a bhean chéile Daeida a chéadcheap an t-ainm agus a bhaist ar a rainse é, thiar sa bhliain 1887, cé go bhfuil scéalta ann freisin gurbh é Hobart Johnstone Whitley, forbróir tithíochta ar a dtugtar "athair Hollywood", a d'ainmnigh an ceantar.
 
D'oscail Whitley Óstán Hollywood sa bhliain 1902. Corpraíodh bardasacht Hollywood sa chéad bhliain eile. Bhí deacrachtaí ag an mbardas soláthar uisce agus draenáil séarachais a chinntiú don bhardasacht, agus sa bhliain 1910, chinn lucht an bhardais ar bhardasacht neamhspleách Hollywood a chur ar ceal agus ceantar de chuid Los Angeles a dhéanamh den áit, le súil is go socródh sin na fadhbanna uisce.
 
Faoin am seo, tháinig lucht na scannánaíochta go Hollywood an chéad uair. Bhí tionsclaíocht na scannánaíochta ag forbairt i gCalifornia cheana féin, agus í lonnaithe i lárchathair Los Angeles. Ba é an stiúrthóir D. W. Griffith (a rinne an mórscannán ciníoch ''The Birth of a Nation'' chomh maith leis an mórscannán frithchiníochais ''Intolerance'') ba túisce a thosaigh ag scannánú i Hollywood, ach níor bunaíodh an chéad stiúideo i Hollywood ach sa bhliain 1911. Trí bliana ina dhiaidh sin, rinneadh an chéad phríomhscannán de dhéantús Hollywood - ''The Squaw Man''. Stiúideo áitiúil a rinne an léiriú, agus tógadh na pictiúir i Hollywood féin. Ba iad Cecil B. DeMille agus Oscar Apfel na stiúrthóirí.
 
 
 
 
[[Catagóir:California]]