An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Bundúchasacha na hAstráile"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 6:
 
== Staid na dTeangacha ==
Trí na teangacha seo a sheachadtar dúchas an chine Bhundúchasaigh – [[Amhránaí|amhráin]], [[béaloideas]], eolas rúnda, oidhreacht atá préamhaithe i saol na sinsear. Níl aon fhianaise ann go fóill gur féidir an oidhreacht seo a sheachadadh trí [[Béarla|Bhéarla]] nó tríd an gcriól atá á úsáid go forleathan sna ceantair is iargúlta. Is deacair, áfach, teanga a chaomhnú mura bhfuil ann ach lucht labhartha scáinte nó mura bhfuil oideachas dátheangach ar fáil. Tá pobail áirithe ann agus d’éirigh leo na teangacha agus bunús an dúchais a chaomhnú d’ainneoin bhrú an tsaoil nua: féach, mar shampla, [[Yolngu Matha]] i Laynhapuy Yirralka (oirthuaisceart Arnhem Land i g[[Críoch an Tuaiscirt]]).<ref>Féach McGowan, Fiona (2007), ''Melodies of Mourning: Music and Emotion in Northern Australia'', UWA Press, ISBN 9781920694999,. marPléann aan bpléiteart-údar cúrsaí spioradáltachta agus dúchais i dtraidisiún agus i dteanga Yolngu an lae inniu.</ref> I [[Victoria (stát)|Victoria]], stát deisceartach ar treascraíodh na pobail Bhundúchasacha agus a gcuid teangacha ón mbliain 1835 amach, tá chúig chlár athbheochana ar siúl anois.<ref>http://www.vaclang.org.au/project-detail.aspx?ID=12f</ref>
 
Is beag aird oifigiúil a tugadh ar theangacha Bundúchasacha go dtí le déanaí, ach tá athrú éigin tagtha ar an scéal. Aithnítear go bhfuil an chuid is mó acu i mbaol, agus gur fiú tréaniarracht a dhéanamh ar iad a thaifeadadh nó a chaomhnú. Bunaíodh an ''Aboriginal Interpreter Service'' i g[[Críoch an Tuaiscirt]] sa bhliain 2000; tá liosta ateangairí agus teangacha acu, agus freastlaíonn siad ar fhorais rialtais agus neamhrialtais.<ref>http://www.dlghs.nt.gov.au/ais </ref> Is fada scoláirí agus daoine eile ag áiteamh go bhfuil formhór na dteangacha ag meath go tiubh agus go gcaithfear a bhfiúntas a aithint agus beart a dhéanamh dá réir.<ref>http://www.environment.gov.au/soe/2001/publications/technical/indigenous-languages.html: ''State of Indigenous Languages in Australia – 2001'': Australia State of the Environment Technical Paper Series (Natural and Cultural Heritage), Series 2. P McConvell and N Thieberger, Department of the Environment and Heritage, 2001, ISBN 0642548714, lgh 31-32. Is fiú an páipéar uile a léamh.</ref><ref> http://www.fatsil.org.au/Newsflash/Language-is-the-absolute-key-to-bridging-the-gap.html/ </ref> Is léir, áfach, nach í cinniúint na dteangacha seo an chloch is mó ar phaidrín lucht beartaithe polasaithe.