An difríocht idir athruithe ar: "Mearcair (dúil)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 13:
Tá seacht n-iseatóp nádúrtha ag an mearcair, mar atá, <sup>196</sup>Hg (0.15 % de mhearcair an dúlra), <sup>198</sup>Hg (9.97 % de mhearcair an dúlra), <sup>199</sup>Hg (16.87 %), <sup>200</sup>Hg (23.1 %), <sup>201</sup>Hg (13.18 %), <sup>202</sup>Hg (29.86 % - an t-iseatóp is flúirsí), agus <sup>204</sup>Hg (6.87 %).
 
Tá mearcair ar fáil ar fud an domhain, go háirithe i bhfoirm [[Cionnabar|cionnabair]], is é sin, suilfíd mhearcair nó HgS. Cosúil leis na comhdhúile mearcair go léir, is nimh dhainséarach é an cionnabar, ach mar sin féin, baintear úsáid as mar ábhar datha (dathlí) i bhfoirm phúdraithe ar a dtugtar flanndearg. Is féidir leas a bhaint as an miotal féin agus as a chuid comhdhúl ar a lán bealaí eile. Mar sin, úsáidtear mearcair miotalach i dteirmiméadaird[[Teirmiméadar|teirmiméadair]], i mbaraiméadairm[[Baraiméadar|baraiméadair]], i [[Manaiméadar|manaiméadair]] agus i [[Sfigmeamanaiméadar|sfigmeamanaiméadair]] - is é sin, i ngléasanna a thomhaiseann teocht nó brú. Tugtar malgaim ar chóimhiotail a bhfuil mearcair iontu, agus cuirtear malgam sna fiacla, mar shampla, leis na bearnaí a líonadh. Inniu, áfach, táthar buartha brónach faoi chomh dainséarach is atá an mearcair don duine, agus dá réir sin, táthar ag éirí as úsáid an mhearcair a fhad agus is féidir.
 
Is dual don mhearcair meascadh tríd na miotail eile agus cóimhiotail - malgaim - a dhéanamh leo. Tá an t-iarann ar an mbeagán miotal nach malgamaítear, agus mar sin, is gnách mearcair a choinneáil i gcoimeádáin iarainn.