An difríocht idir athruithe ar: "Platanam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 12:
Is é an '''platanam''' dúil a 78 i d[[tábla peiriadach]] na ndúl, agus is é an [[Siombail cheimiceach|tsiombail]] a sheasann dó i bhfoirmlí ceimiceacha ná '''Pt'''. Fuair sé a ainm ó na ''[[conquistadores]]'' Spáinneacha a bhí ag creachadh [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]] ar lorg [[ór|óir]] agus [[Airgead (dúil)|airgid ghil]], agus ba nós leo ''platina'' nó "airgidín", "airgead beag" a thabhairt air. Ar dtús, níor thuig siad gur miotal luachmhar a bhí ann. Inniu, áfach, tá an-ráchairt ar an bplatanam, nó tá sé chomh húsáideach agus atá sé tearc sa dúlra. Úsáidtear é i ndéantús na soithí saotharlainne agus i gcatalú na n-imoibrithe ceimiceacha. Thairis sin, tá sé níos oiriúnaí don tseodóireacht ná miotail eile an ghrúpa.
 
Miotal geal é an platanam, agus is furasta é a shaoirsiniú, cosúil leis an ór. Ar nós na miotal platanamchosúil go léir, tá sé iontach trom, 21.45 g/cm<sup>3</sup> ar dlús. Tá sé díonta go leor ar a lán ocsaídeoirí, ach tuaslagann an t-''aqua regia'' (meascán an aigéid nítrigh agus an aigéid hiodraclóraigh) é, mar a thuaslagann sé an t-ór. Nuair a imoibreoidh an platanam leis an ''aqua regia'', déanfar ian coimpléascach, heicseaclóraphlatanáit, de (PtCl<sub>6</sub><sup>2-</sup>) - is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an bplatanam san ian seo ná +4.
 
Tá an platanam nádúrtha comhdhéanta as sé iseatóp: Pt-190 (0.014 % de phlatanam an dúlra), Pt-192 (0.782 %), Pt-194 (32.967 %), Pt-195 (33.832 %), Pt-196 (25.242 %), agus Pt-198 (7.163). Raidiseatóp é Pt-190, an ceann is teirce acu, nó tagann alfa-mheath air, agus é ag claochlú go [[oismiam|hoismiam]]. Tá leathré chomh fada aige agus gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht - 650,000,000,000 bliain. Le fírinne, is dócha go bhfuil Pt-198 radaighníomhach freisin, ach tá a leathré i bhfad níos faide fós, ionas gur féidir dearcadh air mar núiclíd chobhsaí.