An difríocht idir athruithe ar: "Adam Mickiewicz"

Content deleted Content added
m robot Adding: af:Adam Mickiewicz; cosmetic changes
Líne 2:
B'é '''Adam Bernard Mickiewicz''' (Zaosie [[24 Nollaig]] [[1798]] - Cathair Chonstaintín [[26 Samhain]] [[1855]]) [[file]] náisiúnta na [[An Pholainn|Polainne]]. In éineacht le [[Juliusz Słowacki]] agus [[Zygmunt Krasiński]], áirítear é ar an bhfile is mó de chuid an Rómánsachais Pholannaigh, agus é á chur i gcomparáid le [[George Gordon, Lord Byron|Byron]] féin ó am go ham.
 
== A Óige ==
Uaisle ab ea iad muintir Mickiewicz ó thaobh na dtaobhann. Mikołaj Mickiewicz a bhí ar a athair, agus b'í Barbara ''née'' Majewska a mháthair. D'fhás sé suas sa [[An Liotuáin|Liotuáin]] stairiúil, i gceantar ar cuid den [[An Bhealarúis|Bhealarúis]] é inniu. Chuaigh sé ag staidéar in ollscoil [[Vilnius]] (Wilno), agus ansin, chuir sé suim sa [[náisiúnachas]] agus sa réabhlóideachas. San am seo, bhí críochdheighilt tar éis dul ar an bPolainn agus ar an Liotuáin, agus theastaigh ó na Polannaigh a dtír a shaoradh ó bhráca na Prúise, na [[An Ostair|hOstaire]] is na [[An Rúis|Rúise]]. Mar sin, bhí cumainn rúnda ag obair go gníomhach i measc an aos léinn.
 
== Mickiewicz mar Scríbhneoir ==
I ndiaidh dó a chéim a bhaint amach, chuaigh Adam óg ag múinteoireacht i Kaunas (Kowno) sa Liotuáin. Sa bhliain 1823, tháinig na péas ar a lorg, agus díbríodh as fód a dhúchais é. Shocraigh sé síos i g[[Cathair Pheadair]], ach ó bhí sé tar éis cupla leabhar filíochta a fhoilsiú cheana féin, fuair sé fáilte chairdiúil ó scríbhneoirí Rúiseacha na háite ar thaitin a chuid dánta leo. Thairis sin, chuaigh a chuid dea-bhéasaíochta agus óráidíochta go mór i bhfeidhm ar aos intleachta na cathrach. Sa bhliain 1825, chaith sé seal sa Chrimé, agus fuair sé inspioráid sraith dánta a chumadh - ''Sonety Krymskie'', nó Soinéid na Crimé.
 
Líne 17:
Nuair a phléasc trioblóidí réabhlóideacha amach ar fud na hEorpa sa bhliain 1848, d'fhéach Mickiewicz le Léigiún Polannach a earcú as measc lucht na himirce - arm a rachadh go dtí an Pholainn leis an tír a shaoradh ó bhráca na Rúise. Ina dhiaidh sin, bhunaigh sé an iris úd ''La Tribune des Peuples'', nó "Ardán na Náisiún", i bPáras. Bhí an iris dírithe ar chás na náisiún is na náisiúntachtaí a bhí faoi bhráca na Rúise agus na gcumhachtaí móra eile a chur os comhair an tsaoil mhóir. Ní raibh an iris ag teacht amach ach ar feadh bliana, nó ansin, b'éigean do na húdaráis Fhrancacha í a dhúnadh síos faoi bhrú ambasáid na Rúise.
 
== Deireadh a shaoil ==
Fuair Adam Mickiewicz bás sa bhliain 1855. San am sin, bhí na Sasanaigh agus na Rúisigh ag cur [[Cogadh na Crimé|cogaidh]] ar a chéile faoin gCrimé, agus theastaigh ó Mickiewicz saighdiúirí Polannacha a earcú ina Léigiún Polannach le páirt a ghlacadh sa chogadh. Nuair a bhí sé ag tabhairt cuairte ar champa míleata sa [[An Tuirc|Tuirc]], tholg sé calar, agus stiúg sé leis an aicíd seo go luath. hAdhlacadh i bPáras é, ach tugadh a chnámha go dtí [[Cracó]] sa Pholainn sa bhliain 1900.
 
Líne 25:
[[Catagóir:Stair na Polainne|Mickiewicz, Adam]]
 
[[af:Adam Mickiewicz]]
[[an:Adam Mickiewicz]]
[[be:Адам Міцкевіч]]