An difríocht idir athruithe ar: "Loch Cuan"

Content deleted Content added
m robot Adding: fr:Strangford Lough
~~
Líne 1:
[[ImageFile:scraboCIMG1497 towerScraboVertRock.jpgJPG|thumb|right|200px|Scrabo Tower, os cionn Baile Nua hArda]]
'''Loch Cuan''' thart fá 15 ciliméadar ó [[Béal Feirste|Bhéal Feirste]], agus leathann sé ó [[Baile Nua na hArda|Bhaile Nua na hArda]] ar feadh 30 ciliméadar go dtí [[Muir Éireann]] ag [[Port an Pheire]], baile beag gleoite ag béal Loch Cuan, os comhair [[Bhaile Loch Cuan]]. Os cionn Phort an Pheire, tá túr leathan cruinn ar bharr cnoic, agus radharc atá ar fheabhas as. Tá roinnt mhaith túr mar seo fud fad [[Aird Uladh]].
 
Meastar go bhfuil 68 oileán ar fad ar an loch. Droimníní báite atá iontu. Síltear go bhfuil an loch seo ar cheann de na háiteanna is áille in [[Éirinn]]. Is féidir leat [[Túr Scrabo]], atá ar chnoc ag barr an locha, a fheiceáil. Tá imeall an locha faoi chúram an [[Iontaobhais Náisiúnta]]. Déanann sé riaradh ar 24 oileán freisin, agus is féidir le duine ar bith cuairt a thabhairt orthu. Eagraíonn maoir de chuid an Iontabhais cuid mhór siúlóidí agus turas thart fá Loch Cuan ón earrach go dtí an fómhar. Tugann na maoir eolas faoi shaol nádúrtha an locha le linn na dturas.
 
Bealach uisce an-tábhachtach ab ea Loch Cuan sa tséanam. Tháinig achan saghas inimircigh agus creachadóra agus coilínigh an treo. Bhí taistealaithe ansin ceithre mhíle bliain ó shin. Tháinig [[Críostaíocht|Críostaithe]] sa chúigiú haois, [[Naomh Pádraig]] ina measc. Thóg seisean eaglais bheag bhídeach ag [[Sabhall]], gar don loch.
 
Deirtear gur bhunaigh [[Naomh Mochaoi]] an mhainistir darbh ainm [[Naondroim]] sa chúigiú haois, agus é faoi thionchar [[Naomh Pádraig]]. Bhí rath ar an mhainistir, agus tá na hiarsmaí ann go fóill. Tá sé ar oileán atá ainmnithe as [[Mochaoi]] agus tá cabhsa ann anois go dtí an mórthír.
Líne 11:
Tháinig na [[Normannaigh]] ina dhiaidh sin, ansin dream cumhachtach coilíneach eile ag tús an [[17ú haois]]. Fuair siadsan greim láidir ar an áit, agus tá cuid dá sloinnte ag teaghlaigh áitiúla go fóill.
 
[[Rang:Uiscí na hÉireann]]
 
[[de:Strangford Lough]]