An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad nítreach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 16:
[[Aigéad]] láidir agus ocsaídeoir láidir é an t-'''aigéad nítreach''' a úsáidtear go fairsing forleathan sa tsaotharlann agus sna gléasraí tionsclaíochta [[ceimic]]eacha. Substaint dhainséarach atá ann a dhéanann dochar d'fhíocháin an choirp agus a fhágann cneácha doimhne ina diaidh.
 
Leacht gan dath é an t-aigéad nítreach glan, agus é 1.52 g/cm<sup>3</sup> ar dlús. Is é an fliuchphointe atá aige ná 83 °C. Tá sé de chlaonadh san aigéad glan dianscaoileadh (titim as a chéile) go h[[uisce]] agus ocsaídí nítrigine, go háirithe má fhágtar faoi thionchar an [[solas|tsolais]] nó má théitear go fiuchphointe é. De ghnáth, tagann dath buí san aigéad nítreach glan de réir a chéile agus é ag déanamh dé-ocsaíd nítrigine de réir a chéile. Bíonn ocsaídí nítrigine ag éirí as an aigéad glan freisin, agus sin é an tuige go dtugtar "múchaigéad nítreach" air uaireanta. Mar sin, bíonn sé níos praiticiúla go minic an t-aigéad nítreach a choinneáil ar stóras mar mheascán aiseotrópach uisce a bhfuil 68 % aigéad nítreach ann. Tugtar aigéad nítreach tiubhaithe ar an [[aiseotróp]] seo.
 
Is féidir aigéad nítreach agus uisce a mheascadh i ngach coibhneas, agus bíonn salainn an aigéid seo - na níotráití - iontach sothuaslagtha san uisce chomh maith. Mar shampla, bíonn na salainn [[Airgead (dúil)|airgid]] dothuaslagtha san uisce go minic, ach tá an níotráit airgid iontach sothuaslagtha.
 
[[Catagóir:Aigéid]]