Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

bliain
 
==Litríocht na Nua-Ghaeilge==
Thosaigh litríocht na Gaeilge ag forbairt as an nua, nuair a tháinig úrscéal an [[Peadar Ua Laoghaire|Athar Peadar Ua Laoghaire]], ''[[oldwikisource:Séadna|Séadna]]'', i gcló sa bhliain 1907, go gairid i ndiaidh do [[Douglas Hyde|Dhubhghlas de hÍde]] a óráid mhór a thabhairt uaidh faoi chomh tábhachtach is a bhí sé an galldachas a ruaigedh as [[Éire|Éirinn]]. Is fíor nach raibh i leabhar an Athar Peadar ach dornán scéalta ón mbéaloideas, agus iad ceangailte le chéile le scéal an ghréasaí Séadna féin, fear a dhíol a anam leis an diabhal agus ar diúltaíodh faoina ligean isteach in Ifreann chomh maith leis na Flaithis. Mar sin féin, bhí Gaeilge líofa nádúrtha ann, rud a thaitin go mór mór le lucht athbheochana na teangan. I ndiaidh ''Shéadna'', aistriúcháin nó athinsintí ar scéalta clasaiceacha ba mhó a tháinig ó pheann an Athar Pheadair, leithéidí an leagain Ghaeilge a rinne sé de ''[[Don Quixote]]'', agus dála go leor daoine aithnidiúla eile i saol na Gaeilge, scríobh sé dírbheathaisnéis freisin, ''Mo Scéal Féin'', a áirítear ar bhunchlocha litríocht na Gaeilge chomh maith céanna.
 
Is mar réabhlóidí ba mhó a bhain [[Pádraig Mac Piarais]] amach a chlú iarbháis, ach is gá aird a tharraingt air gur scríbhneoir Gaeilge a bhí ann, leis. Scríobh sé roinnt gearrscéalta rómansúla, traigéideacha fiú, agus iad suite i saol na Gaeltachta. Is é "Eoghainín na nÉan" an ceann is mó a théann i bhfeidhm ar an léitheoir, go háirithe ar an léitheoir atá eolach ar chinniúint an scríbhneora.
5,511

edits