Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

no edit summary
Sa tréimhse chéanna a scríobhadh ''Félire Oengusso''. Mar is léir ón teideal, féilire atá ann agus é scríofa i bhfoirm fhileata: tá dán ansin do gach lá i rith na bliana, agus ábhar reiligiúnda ann, nó tugann gach dán acu seo cur síos ar naomh an lae agus ar na héachtaí a rinne sé ar mhaith leis an gcreideamh.
 
==Litríocht na Meán-Ghaeilge==
Saothar tábhachtach eile den chineál chéanna is ea ''Saltair na Rann'' ó dheireadh na deichiú haoisehaoisea; : céad go leith de ranna atá ann agus ábhair Bhíobla á gcardáil iontu.
 
Tháinig go leor litríochta eile ar an tsaol le linn ré na Meán-Ghaeilge. Chum Flann Mainistreach (1000-1056) dánta staire. Cumadh an Dinnshenchas le linn ré na Meán-Ghaeilge freisin.
 
Tá leaganacha Meán-Ghaeilge d'eipicí Laidine ann, mar shampla Cogadh na gCarad le Lucánas. Sampla eile de litríocht na linne seo is ea [[Aislinge Meic Con Glinne]].
 
 
==Ré na Nua-Ghaeilge Moiche==
Bhí na cúirteanna filíochta an-tábhachtach le linn ré na Nua-Gaeilge Moiche. Filí clúiteacha ba ea Dhonnchadh Mór Ó Dálaigh (1175-1244), Muireachadh Albanach Ó Dálaigh(1180-1250), Gofraidh Fionn Ó Dálaigh(1320-87), Tadhg Dall Ó hUiginn(1550-91), Eochaidh Ó hEodhusa(1567-1617), Fear Flatha Ó Gnímh (1602-1640) agus ar uile.
 
Baineann go leor de litríocht na [[Fiannaíochta]] leis an ré seo freisin, chomh maith le go leor litríochta inste nó reiligiúnda.
 
==Litríocht Iar-Chlasaiceach==
Nuair a briseadh ar na Gaeil i gCath Chionn tSáile, tháinig meath ar sheansaol agus sheanlitríocht na nGael. Tá cuid thábhachtach d'oidhreacht na nGael ar fáil dúinn fós mar gheall ar shaothair a cumadh sa 16ú céád, mar shampla "Annála Ríoghachta Éireann" a cumadh faoi stiúir Mhíchíl Uí Chléirigh (1575-1645) agus "Forus Feasa ar Éirinn" le Seathrúin Chéitinn.
 
Tháinig deireadh le scoileanna na mbard agus leis an seanfhilíocht, agus baineadh úsáíd as méadraíocht na n-amhrán. Filí clúiteacha ba ea Seathrún Céitinn, Pádraigín Haicéad (1600-54), Dáibhí Ó Bruadair (1625-98) agus Aogán Ó Rathaille (1670-1728).
 
==An 18ú céad agus an 19ú céád==
Cé go raibh deireadh tagtha le ré na bpátrún, lean go leor daoine ar aghaidh ag cumadh saothar i nGaeilge, mar sheampla Peadar Ó Doirnín (1704-68), Aindrias Mac Craith (1708-95), Donnchadh Ruadh Mac Con Mara (1715-1810), Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin (1748-84), Eibhlín Dhubh Ní Chónaill (1748-1800), a chum ''[[Caoineadh Airt Uí Laoghaire]]'', nuair a maraíodh Art, a fear céile, sa bhliain 1773, Brian Merriman (1747-1805), an file a chum ''[[Cúirt an Mheán Oíche]]'', Antaine Ó Reachtabhra (1784-1835).
 
==Litríocht na Nua-Ghaeilge==
5,511

edits