An difríocht idir athruithe ar: "An tSean-Ghaeilge"

Content deleted Content added
m robot Adding: cy, de, eo, es, fr, gl, gv, ja, mk, nl, no, pl, pt, ru, sco, zh
Naisc +Rang
Líne 1:
Sa [[7ú haois|tseachtú haois]] a tháinig an chéad leagan caighdeánaithe den [[Gaeilge|Ghaeilge]], '''an tSean-Ghaeilge''' ('''Guithealg''' nó '''Goidelc'''), ar an bhfód, agus í sách difriúil fós leis an gcineál Gaeilge a labhraítear inniu. D'úsáidtí an tSean-Ghaeilge, ar dtús, i ngluaiseanna míniúcháin a chuirtí le téacsanna Laidine[[Laidin]]e, le cuidiú leis na daltaí óga nach raibh ach ag foghlaim theanga na Críostaíochta Caitlicí. De réir a chéile, áfach, thosaigh na manaigh ag breacadh síos na scéalta miotaseolaíochta, leithéidí na [[Rúraíocht|Rúraíochta]] is na [[Fiannaíocht|Fiannaíochta]]. Ní raibh siad chomh drochamhrasach i leith na seanscéalta Págánacha agus a shílfeá, ach mar sin féin bhain siad gach tagairt nithiúil don chreideamh réamh-Chríostaí de na leaganacha a rinne siad de na scéalta seo. Mar sin, fág is go bhfuil blas na Págántachta ar na seanscéalta Gaelacha ó thaobh an spioraid agus an tsaoldearcaidh, is deacair aon tagairt do dhéithe Págánta na gCeilteach a aithint iontu.
 
Tá gramadach agus litriú na bhfocal sna scríbhinní [[Ogham|Oghaim]] ní ba seanaimseartha ná an tSean-Ghaeilge féin, cé go mbaineann an chuid is deireanaí de na hOghamchlocha leis an tréimhse chéanna. Mar sin, is dócha go ndearna na manaigh iarracht d'aon turas ar stíl nua scríbhneoireachta a thabhairt isteach nach mbeadh cosúil le stíl "Phágánta" na nOghamchloch.
 
==Litríocht==
Áirítear [[litríocht na Gaeilge]] ar ceann de na traidisiúin [[litríocht|liteartha]] is sine s[[an Eoraip]] in aon [[teanga (cumarsáid)|teanga]] nach í an [[Laidin]] í. Bhí an Laidin á saothrú in [[Éirinn]] ó theacht na [[Críostaíocht]]a freisin, ar ndóigh, ach bhí na [[Gael|Gaeil]] i bhfad ní ba luaithe ag saothrú a dteanga féin sa litríocht ná an chuid ba mhó de mhuintir Iarthar na hEorpa.
 
Is follasach gurb í an litríocht chráifeach an litríocht ba sine i Sean-Ghaeilge, agus gur theastaigh ó na manaigh Éireannacha ábhar reiligiúnda a scríobh do na daoine ina dteanga dhúchais féin. Is dócha gur cumadh na chéad iomainn eaglasta agus na chéad urnaithe fileata sa Ghaeilge chomh moch leis an [[16ú haois|séú haois]]. Is é ''Amra Choluim Chille'' an píosa is sine den chineál seo litríochta atá fágtha againn. Gaeilge thar a bheith seanársa atá ann, níos ársa fiú ná an chuid is mó den tSean-Ghaeilge, agus cuma sheanfhaiseanta ar an meadaracht a chleachtaítear ansin fosta. Is dóigh leis na saineolaithe gurbh é Dallán Forgaill a cheap an saothar seo i ndeireadh na séú haoise, nuair a fuair [[Colm Cille]] bás.
Líne 11:
 
Saothar tábhachtach eile den chineál chéanna is ea ''Saltair na Rann'' ó dheireadh na deichiú haoise.
 
 
==Naisc sheachtracha==
Line 17 ⟶ 16:
*[http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/duil-belrai/english.html Foclóir]
*[http://www.utexas.edu/cola/centers/lrc/eieol/iriol-0-X.html Old Irish Online] ó Ollscoil Texas ag Austin.
*[http://www.dil.ie/ eDIL] ([[''Dictionary of the Irish Language]]'' ar an idirlíon)
*[http://www.learnoldirish.com/ learnoldirish.com]
 
[[Catagóir:Gaeilge]]
 
[[cy:Hen Wyddeleg]]