An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Gearmáine"

Content deleted Content added
Líne 15:
==Seanársaíocht==
 
Roimh theacht na Críostaíochta, rinne scríbhneoirí Gréagacha agus Rómhánacha tagairtí do na treibheacha Ceilteacha agus Gearmánacha ó am go ham. Timpeall na bliana 500 RC bhí na Ceiltigh ina gcónaí i ndeisceart na Gearmáine agus na treibheacha a raibh canúintí Gearmáinice á labhairt acu sa tuaisceart. I rith na gcéadta bliain tháinig na Gearmánaigh ó dheas (nó ghlac na Ceiltigh leis an teanga uathu), agus faoin am ar rugadh Críost ba í an Danóib an teorainn, a bheag nó a mhór, idir Ceiltigh agus Gearmánaigh. San am seo, tháinig focail iasachta ón gCeiltis go dtí an Ghearmáinic, go háirithe ainmneacha áiteanna agus aibhneacha.
 
Ón mbliain 58 RC go dtí an bhliain 455 AD (a bheag nó a mhór), bhí Impireacht na Róimhe i seilbh na dtailte taobh thiar den Réin agus taobh theas den Danóib, agus iad á rialú mar phroibhinsí Rómhánacha. Sna blianta 80-260 AD, bhí na Rómhánaigh i gceannas ar chuid de Hessen (Wetterau) agus ar an gcuid is mó de Baden-Württemberg taobh theas den ''Limes'' (teorainn dhaingnithe Impireacht na Róimhe in éadan na dtreibheacha Gearmánacha. Na codanna de Ghearmáin an lae inniu a bhí sealbhaithe ag Impireacht na Róimhe san am sin, bhí siad roinnte idir trí phroibhinse Rómhánacha: ''Germania Superior'', ''Germania Inferior'', agus ''Raetia''. Bhunaigh na Rómhánaigh cathracha sa chuid den Ghearmáin a bhí acu: [[Trier]] (''Augusta Treverorum''), [[Köln]] (''Colonia Agrippina''), [[Bonn]] (''Bonna''), [[Worms]] (''Borbetomagus'') agus [[Augsburg]] (''Augusta Vindelicorum''). Áirítear na cathracha seo ar na cathracha is sine i nGearmáin an lae inniu. Faoi cheannas na Rómhánach, tháinig cuma nua ar an bhfoirgneoireacht agus ar na ceirdeanna, agus tionchar ag a gcuid nuálacha ar shaol an lae inniu féin. Leis na teorainneacha a chosaint, chuir na Rómhánaigh treibheacha cairdiúla Gearmánacha ina gcónaí sna proibhinsí. Tháinig daoine ón Iodáil féin le lonnú sa chuid Rómhánach den Ghearmáin. Sa bhliain 98, bhreac an scríbhneoir Rómhánach [[Publius Cornelius Tacitus|Tacitus]] síos stair na Gearmáine mar a thuig na Rómhánaigh í. Ba í ''Germania'' le Tacitus an chéad saothar litríochta inar cardáladh an t-ábhar seo ar aon nós.
 
==Na Meánaoiseanna==