An difríocht idir athruithe ar: "Comhdháil Vín"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is éard a bhí i gceist le '''Comhdháil Vín''' ná cruinniú idirnáisiúnta a tháinig le chéile i Vín, príomhchathair na hOstaire, i Mí na Samhna 1814 agus a scoir i Mí an Mheithimh 1815. Ba é an Prionsa [[Klemens Wenzel von Metternich]], an státaire Ostarach, a d'eisigh an ghairm chruinnithe agus a bhí ina chathaoirleach. Bhí sé de chuspóir ag an gcomhdháil ná cuma cheart a chur ar an Eoraip i ndiaidh réabhlóid na Fraince agus chogaí Napoleon, go háirithe ó tháinig deireadh le hImpireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh. De thoradh na Comhdhála, d'athraigh na teorainneacha ina lán áiteanna ar fud na hEorpa.
 
Bhí na daoine seo i láthair ag an gComhdháil thar cionn na gCeithre Mórchumhachtaí:
Líne 5:
* Klemens Wenzel von Metternich, Aire Gnóthaí Eachtracha na hOstaire, agus a fhear cúnta, an Barún Johann von Wessenberg, thar cionn na hOstaire;
 
* [[Robert Stewart, bíocunta Castlereagh]], Aire Gnóthaí Eachtracha na Ríochta Aontaithe, thar cionn na Ríochta Aontaithe. D'fhill Castlereagh go Sasana i bhFeabhra 1815, agus tháinig [[Arthur Wellesley, Diúc Wellington]], ina áit. D'fhág Wellington an Chomhdháil roimh ré freisin, nó d'fhill Napoleon ó Elba go dtí an Fhrainc, agus thosaigh an tÉirí Amach Céad Lá. Bhí Wellington orthu siúd a chloígh Napoleon i Waterloo sa deireadh. Tháinig [[Richard Le Poer Trench, Iarla Clancarty]], go Vín in áit Wellington.
 
* Tháinig toscaireacht oifigiúil ón Rúis faoi cheannas Karl Robert Nesselrode, Aire Gnóthaí Eachtracha na hImpireachta, ach bhí an tImpire féin, Alastar a hAon, i láthair.
 
* Maidir leis an bhFrainc, níor chuir sé iontas ar aon duine go raibh Talleyrand - [[Charles Maurice de Talleyrand-Périgord]], an seantaidhleoir cliste a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha san Fhrainc le linn na Réabhlóide, i réimeas na ríthe agus i ré Napoleon - ag coinneáil súile ar shainleas a thíre féin le linn na comhdhála seo fosta.
 
* Agus maidir leis an "gcúigiú mórchumhacht", an Phrúis, bhí an Seansailéir Karl August von Hardenberg agus an scoláire clúiteach [[Wilhelm von Humboldt]] i láthair, chomh maith le rí a dtíre, Feardorcha Uilliam (Friedrich Wilhelm) a Trí.
 
Ba iad torthaí na Comhdhála ná: