An difríocht idir athruithe ar: "Darfur"

Content deleted Content added
LaaknorBot (plé | dréachtaí)
m robot Adding: nn:Darfur
m robot Adding: eu:Darfur; cosmetic changes
Líne 1:
[[ImageÍomhá:Darfur IDPs 1 camp.jpg|thumb|200px|Campa dídeanaithe - Darfur]]
Ceantar mór in iarthar na [[An tSúdáin|Súdáine]] í '''Darfur'''. Tá sí ag críochantaíocht leis an [[An Libia|Libia]], le [[Sead]], agus le [[Poblacht na hAfraice Láir]]. Tá Darfur roinnte ina trí stát cónascacha, mar atá: ''Gharb Darfur'' (Darfur Thiar), ''Janub Darfur'' (Darfur Theas), agus ''Shamal Darfur'' (Darfur Thuaidh).
 
== Stair ==
 
Ón mbliain [[1820]] i leith, chuaigh rialtas Tuirceach-Éigipteach an Cheidív i g[[Caireo]] - an rialtas ar a dtugtar ''Turkiyya'' - i seilbh Darfur chomh maith le cuid mhaith eile de chríocha na Súdáine, i dtuaisceart na tíre ach go háirithe. D'éirigh na Súdánaigh amach i gcoinne an rialtais seo, agus Muhammad Ahmed i gceannas orthu. Thug Muhammad Ahmed ''Mahdaí'' air féin. Cineál figiúr Meisiasach é an ''Mahdaí'' san Ioslam, go háirithe san Ioslam Sítheach. Sa bhliain [[1885]], bhain lucht leanúna an "Mhahdaí" neamhspleáchas amach, ach ní raibh muintir Darfur róshásta leis an rialtas Mahdaíoch.
Líne 8:
D'fhan an rialtas seo ag rialú na tíre go dtí na blianta 1898-1899. Ar an dara lá de Mhí Mheán Fómhair, [[1898]], d'éirigh le fórsaí Angla-Éigipteacha faoi cheannas an tSiordáir [[Horatio Kitchener]] comharba an Mhahdaí, Abdallahi ibn Muhammad, a chur ó chumhacht i ndiaidh [[Cath Omdurman|Chath Omdurman]], cath a bhris Kitchener ar na h''Ansar'' ("Na Cúntóirí" as Araibis), mar a thugtaí ar an arm Mahdaíoch. Sna blianta ina dhiaidh sin, cuireadh an tSúdáin ar fad faoi chois an rialtais Angla-Éigiptigh. Bhí an rialtas nua sásta saghas neamhspleáchais a thabhairt do Darfur faoin Sabhdán Ali Dinar. Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, áfach, rith leis na Sasanaigh go bhféadfadh na Turcaigh muintir Darfur a spreagadh chun ceannairce, agus bhain siad an neamhspleáchas sin den tSabhdánacht arís sa bhliain [[1916]].
 
== An t-ocras i nDarfur ==
 
Sna hochtóidí, rinne Alex de Waal taighde ar an ngorta i nDarfur (De Waal, 1988, 1989), áit a raibh sé ag obair don chumann carthanais úd Save the Children (UK). Chonaic sé le súile a chinn féin an gorta mór a bhí ag dul ar fud na Súdáine sna blianta 1984-1985 agus an dóigh ar fhreagair muintir Darfur ar chruachás an ghorta. Ina chuid scríbhinní taighde, thug sé cur síos ar dhá chineál gorta, mar atá, an gorta marfach agus an gorta nach bhfuil ann ach an síorocras. B'é an tátal a bhain sé as an scéal go raibh a gcuid straitéisí féin ag muintir Darfur leis an dara cineál gorta a sheasamh. Ní raibh cogadh cathartha ar siúl i nDarfur san am sin, agus b'é an cogadh ba mhó a tharraingíodh an gorta ar an gceantar. Ní raibh aithne an chogaidh ach ar Dar Masalit in iarthar Darfur, áit a raibh tuairim is 120,000 duine ó [[Sead|Shead]] ar lorg dídine. Bhí na daoine seo ní ba mheasa thíos leis an ocras, ó nár cheadaigh an chogaíocht do na daoine filleadh go dtí Sead. Agus na daoine á gcoinneáil istigh sna campaí i nDar Masalit, ní raibh deis acu dul ar lorg oibre agus cabhrach sa cheantar timpeall.
 
== Scrios i nDarfur ==
 
Is fíor go raibh cogadh cathartha á chur i ndeisceart na tíre sna blianta [[1955]]-[[1972]] agus arís sna blianta [[1983]]-[[2004]], ach mar sin féin, tháinig iarthar na tíre slán as na cogaí seo beagnach gan ghránú. Sa bhliain [[1991]], áfach, tháinig athrú ar na cúrsaí, nuair a d'fhéach Arm Saoirse Mhuintir na Súdáine (SPLA, nó ''Sudan People's Liberation Army'') faoi cheannas Daoud Bolad leis an lasóg a chur sa bharrach i nDarfur. Ní raibh rath ar na hiarrachtaí seo, áfach, agus go gairid ina dhiaidh sin, cimíodh Bolad gan mórán stró. Mar sin féin, is iomaí duine as iarthar na tíre a priosáladh in arm an rialtais chun troid a chur i ndeisceart na tíre faoi bhrat an Ioslaim agus an tSítheáid. Is gnách ''akul al abid bil abid'' nó "fág faoin sclábhaí an sclábhaí a mharú" a thabhairt ar an straitéis seo (Idris, 2005).
Líne 20:
Is é dearcadh rialtas na Stát Aontaithe, chomh maith lena lán cumann carthanais ar nós Mhúsaem an [[Uileloscadh|Uilelosctha]], ná go bhfuil [[cinedhíothú]] ar siúl i nDarfur i láthair na huaire.
 
== Tagairtí ==
 
Alex De Waal (1988), "Refugees and the Creation of Famine: The Case of Dar Masalit, Sudan", Jounral of Refugee Studies 1 (2): 127-140.
Líne 28:
Amir H. Idris (2005), Conflict and Politics of Identity in Sudan, (Nua-Eabhrac, Palgrave), leathanaigh 80-89).
 
== Féach ar ==
* [http://www.pulitzercenter.org/openitem.cfm?id=182 Pulitzer Center on Crisis Reporting] "Our Choice, Too: On the Edge in Darfur" (Fístéip)
* [http://www.africanholocaust.net/news_ah/darfur%20report.html Tuarascáil Uileloscadh in san Afraic]
Líne 38:
* [http://www.24hoursfordarfur.org 24hoursfordarfur.org] -- Feachtas faoi Darfur.
 
== Cumainn Charthanais ó Éirinn atá ag obair sa tSúdáin ==
 
*[http://www.goal.ie/atwork/sudan.shtml GOAL]
Líne 60:
[[es:Darfur]]
[[et:Dārfūr]]
[[eu:Darfur]]
[[fa:دارفور]]
[[fi:Darfur]]