An difríocht idir athruithe ar: "Gearóid Ó Cuinneagáin"

Content deleted Content added
Catagóirí
No edit summary
Líne 3:
Chuaigh sé ag obair sa Státseirbhís i m[[Baile Átha Luain]] i [[1927]] mar oifigeach cánach, chaith sé tamall gearr i g[[Caisleán an Bharraigh]] agus timpeall trí bliana sa Roinn Cosanta. D'éirigh sé as a phost nuair a diúltaíodh saoire leathbhliana dó chun tréimhse a chaitheamh sa [[Gaeltacht|Ghaeltacht]]. Chaith sé cúpla bliain i [[Rinn na Feirste]] i d[[Tír Chonaill]] sular thosaigh sé leis an iriseoireacht sa pháipéar [[An tÉireannach (páipéar)|An tÉireannach]]. D'oscail sé biúró sainchomairle cánach, Ó Cuinneagáin agus Cooke, i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1937.
 
Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, ghlac Ó Cuinneagáin páirt tábhachtach i ngluaiseachtaí beaga éagsúla a raibhbhí ag obair ar son na Fearsaide: Cumann Náisiúnta (nó 'Irish Friends of Germany'), Clann na Saoirse agus Aicéin (eagraíocht óige an pháirtí [[Córas na Poblachta]]). Is ar éigean a d'éalaigh sé tréimhse i gcampa géibhinn nuair a dhíscaoil an Rialtas Cumann Náisiúnta mar gluaiseacht fealltach i ndeireadh na Bealtaine 1940.
 
Ar an [[26 Meán Fómhair]] [[1940]] bhunaigh sé [[Craobh na hAiséirghe]] de [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]], craobh a raibh daoine cáiliúla go leor ina mbaill de: [[Donncha Ó Súilleabháin]], Pádraig Ó Drisceoil, [[Séamus Ó Néill]], [[Sorcha Ní Ghuairim]], [[Aogán Brioscú]], [[Annraoi Ó Liatháin]], [[Seán Ó hÉigeartaigh]], [[Ciarán Ó Nualláin]], [[Cathal Ó Sandair]] agus daoine eile. Ba í seo an chraobh ba dhíograisí sa Chonradh le cruinnithe sráide, agóidíocht, drámaí, taispeántais, oícheanta áirneáin, ranganna agus foilseachán á n-eagrú go tiubh acu. Tugadh lánchumhacht mar stiúrthóir don Chuinneagánach ag mórchruinniú na craoibhe sa bhliain [[1941]] agus ainmníodh é mar iarrthóir d'uachtaránacht an Chonradh. Níor éirigh lena iarracht, ach toghadh ar Choiste Gnó an Chonartha é agus bhí buíon bheag dhíograiseach dá chuid in aontíos le chéile ag obair ar son na cúise.