An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"

Content deleted Content added
Anois (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 127:
Na himeachtaí seo a chuir tús le [[Cogadh Cathartha na hÉireann]], nuair a phléasc cathanna amach idir na frith-Chonraitheoirí agus trúpaí an tSaorstáit. Faoi cheannas an Choileánaigh, ghabh fórsaí an tSaorstáit an phríomhchathair go sciobtha. I Mí Iúil 1922 bhí na frith-Chonraitheoirí i seilbh Chúige [[Mumhan]] agus cuid mhaith eile den tír. Thaobhaigh de Valera agus na Teachtaí Dála frith-Chonartha eile leis na hÓglaigh a bhí in aghaidh an tSaorstáit. Thart faoi lár na bliana, d'fhág an Coileánach uaidh cúraimí an Phríomh-Aire le bheith ina ardcheannasaí ar an Arm Náisiúnta. Arm ceart faoi shainéide ab ea é agus é ag fás timpeall ar an bhfaicsean de na hÓglaigh a bhí báúil leis an gConradh. Tháinig borradh mór ar arm an tSaorstáit le cuidiú na Sasanach, idir threalamh agus mhaoiniú, agus fir nua á bhfruiliú le haghaidh an chogaidh chathartha. Chinn an Coileánach in éineacht le h[[Eoin Ó Dufaigh]] agus Risteard Ó Maolchatha díormaí a thabhairt go dtí an Mhumhain ón bhfarraige. Chuaigh na Saorstátairí i dtír ar chósta na Mumhan in aice leis na críocha a bhí á gcoimeád ag na frith-conraitheoirí , agus i ndeireadh an tSamhraidh, d'athghabh saighdiúirí an tSaorstáit an Mhumhain agus iarthar na tíre. Chuaigh an Coileánach féin go Contae Chorcaí, a sheanfhód dúchais. Bhí mífhoighne air an cogadh a chríochnú chomh luath agus ab fhéidir, agus deirtear go raibh sé ag iarraidh teacht i dteagmháil leis na cinnirí frith-Chonartha le go bhféadfaí sos cogaidh a chur ar bun, ar a laghad.
[[Íomhá:Grave of Micheál Ó Coileáin.jpg|clé|250px|thumb|Plaic chuimhneacháin i mBéal na mBláth.]]
Ar a bhealach trí Chontae Chorcaí, in aice le [[Béal na mBláth]], maraíodh Mícheál Ó Coileánach ar an dóú lá fichead de Mhí Lúnasa sa bhliain 1922. Thiomáin a thionlacan isteach i ngaiste a chuir na frith-Conraitheoirí áitiúla roimhe, agus dealraíonn sé gur piléar strae a bhuail é. B'eisean an t-aon duine amháin a fuair bás sa teagmháil. D'ordaigh sé do lucht a thionlactha stad agus an lámhach a fhreagairt, in áit tiomáint ar aghaidh agus é féin a choinneáil go sábháilte istigh ina ghluaisteán armúrtha, mar ab fhearr leis an bhfear a bhí mar leathbhádóir aige, [[Emmet Daltún]]. Ní raibh ach aon bhliain déag agus fiche slánaithe ag an gCoileánach, lá a bháis. Níltear ar aon fhocal faoi cé a mharaigh é, ach tá sé le léamh ar leabhair áirithe gurbh é [[Donncha Ó Néill]], "Sonny", iar-aimsitheoir de chuid Arm na Breataine Móire a chuaigh sna hÓglaigh, a scaoil an t-urchar a bhuail é. Fuair "Sonny" bás sa bhliain [[1950]].
 
==Oidhreacht an Choileánaigh==