An difríocht idir athruithe ar: "Mainistir na Corann"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Mainistir na Corann
 
Is baile é Mainistir na Corann atá lonnaithe tuairim is 22 chiliméadar soir ó Chathair Chorcaí i dteisceart na hÉireann. Tá sé suite ar an bóthar N25 idir Corcaigh agus Ros Láir, agus ar Abhainn na Cora.
 
==An Baile==
Tá 6,700 daoine (2004) ina gcónaí i Mainistir na Corann, ag obair go h-áitiúil sa tráchtáil mhiondíola, déantóireacht éadrom, déantúis bia, tuarasóireacht agus driogadh. Téann an-chuid cónaitheoirí eile ón baile go Corcaigh agus Carraig Tuathaill i mbun oibre. Ag an Geata Bán in aice láimhe, faightear an chéad stáisiún cumhachta gáis sa stát chomh maith leis an t-aon scaglann ola in Éirinn. Mar chuid den Plean Forbartha Náisiúnta, ath-osclóidh an sean-iarnród go Corcaigh roimh 2008 – dúnadh é i rith na seachtóidí.
==Tíreolaíocht==
Tá an baile suite i ngleann torthúil taobh theas de bhunchnoic agus taobh thuaidh de Chuan Chorcaí. Uair dá raibh, bhí an uiscebhealach ón chuan go Baile na Cora in aice láimhe inseolta ag báirsí faoi 300 tonna.
 
==Stair==
Timpeall 1180, tháinig na Normánnaigh, á stiúradh ag Barra MacGearailt, a bhunaigh mainistir ar chora ar an abhainn do mhanaigh Cisteirseach ón Fhrainc. Fuair an mainistir an ainm “Chore Abbey” as Béarla agus “Castrum Chor” as Laidin, ón gaeilge 'cora' – le seans chomh maith go dtagann 'Chor' ón Béarla do 'chór' nó 'chórúil'. Déantar comóradh ar an mainistir san ainm don bhaile agus san abhainn áitiúil – Abhainn na Cora. Tógadh eaglais Naomh Eoin Baiste (Eaglais na hÉireann) i 1825 ar láithreán an mhainistir.