An difríocht idir athruithe ar: "Michel Tremblay"

Content deleted Content added
No edit summary
 
Iolar (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
Drámadóir agus úrscéalaí a rugadh i Montréal, Québec i [[1942]] is ea '''Michel Tremblay'''. Baineann a chuid saothair go dlúth le dúchas Québec agus baineann sé úsáid as béarlagar áitiúil, 'joual', teanga na sráide i Montréal. Ghnóthaigh sé aitheantas agus duaiseanna lena chéad dráma, Les Belles-Soeurs, faoi mhná den aicme oibre. Thug an t-údar dúshlán na hEaglaise agus na bunaíochta sa dráma agus thug a shaothar spreagadh do ghluaiseacht an neamhspleáchais i Québec. Aistríodh drámaí go mórán teangacha agus léiríodh ar fud an domhain iad.
 
Thosaigh Tremblay ag obair mar chlódóir nuair a bhí sé cúig bliana déag d'aois, agus chaith sé tamall de bhlianta leis an obair sin agus na drámaí luatha á scríobh aige. Foilsíodh a chéad úrscéal Contes pour buveurs i 1966. Is iomaí gradam agus duais atá buaite aige ó shin.