An difríocht idir athruithe ar: "Mainistir na Corann"

Content deleted Content added
m Bosca Sonraí agus Idirvici
Níor mhionathrú an t-athrú roimhe seo - tá brón orm.
Líne 12:
daonra_thuathúil = |
}}Is baile é '''Mainistir na Corann''' ([[Béarla]]: ''Midleton'') atá lonnaithe tuairim is 22 chiliméadar soir ó Chathair Chorcaí ([[Corcaigh]]) i ndeisceart na hÉireann. Tá sé suite ar an bóthar N25 idir Corcaigh agus Ros Láir, agus ar Abhainn na Cora.
 
==An Baile==
Tá 6,700 daoine (2004) ina gcónaí i Mainistir na Corann, ag obair go h-áitiúil sa tráchtáil mhiondíola, déantóireacht éadrom, déantúis bia, tuarasóireacht agus driogadh. Téann an-chuid cónaitheoirí eile ón baile go Corcaigh agus Carraig Tuathaill i mbun oibre. Ag an Geata Bán in aice láimhe, faightear an chéad stáisiún cumhachta gáis sa stát chomh maith leis an t-aon scaglann ola in Éirinn. Mar chuid den Plean Forbartha Náisiúnta, ath-osclóidh an sean-iarnród go Corcaigh roimh 2008 – dúnadh é i rith na seachtóidí.
 
==Tíreolaíocht==
Tá an baile suite i ngleann torthúil taobh theas de bhunchnoic agus taobh thuaidh de Chuan Chorcaí. Uair dá raibh, bhí an uiscebhealach ón chuan go Baile na Cora in aice láimhe inseolta ag báirsí faoi 300 tonna.