An difríocht idir athruithe ar: "Coimisiún na Teorann"

Content deleted Content added
stíl Vicipéide
m Botúin bheaga cló
Líne 1:
Coimisiún rialtais in [[Éire|Éirinn]] ab ea '''Coimisiún na Teorann''' a chuireadhcuireadh ar bun chun an teorainn idir [[Saorstát Éireann|Saorstát Éireann]] agus [[Tuaisceart Éireann]] a leagan amach go cruinn. Bunaíodh é de réir téarmaí an [[Conradh Angla-Éireannach|Chonradh Angla-Éireannaigh]]. Cé go raibh go leor de náisiúnaithe na tíre míshásta le coinníolacha an Chonradh, go háirithe de bhrí go mbeadh críochdheighilt mar thoradh air, bhí siad ag súil go mbeadh an limistéir tíre a d'fhanfadh faoi riail na Breataine laghdaithe go mór mar gheall ar obair an Choimisiúin. Shíl siad go mbeadh Tuaisceart Éireann róbheag ansin chun fanacht amach ón chuid eile den tír. Ach ní mar sin a tharla.
 
In Alt 12 den chonradh, beartaíodh go mbeidh triúr ar an gcoimisiún, duine ón Saorstát, duine ón Tuaisceart agus duine 'neamhspléachneamhspleách' ón mBreatain. Ón tús, níor thug [[James Craig]], ceannaire Thuaisceart Éireann aitheantas don choimisiún, é ag maíomh nach raibh sé de cheart ag dream ar bith an teorainn a athrú. Dhiúltaigh sé duine a ainmniú ar an gcoimisiún, ach ainmníodh J.R. Fisher, foilsitheoir nuachtán Aontachtach, mar ionadaí do Thuaisceart Éireann. Ainmníodh [[Eoin Mac Néill]] mar ionadaí ódo SaorstátShaorstát Éireann. Duine ón Afraic Theas, an GIúistís Richard Freeman, a bhí sa chathaoir, agus é ainmnithe ag an mBreatain.
 
Bhí foclaíocht Alt 12 míshoiléir, níor dhúradh ach gur cheart na teorannacha idir Tuaisceart Éireann agus an chuid eile den tír a dhearbhú de réir mianta na n-áitritheoirí, a fhad is a bheadh sé sin ag teacht le coinníolacha eacnamaíocha agus tíreolaíocha. Ach ní raibh sé chomh simplí sin, bhí aontachtóirí agus náisiúnaithe meascaithe le chéile agus ní raibh sé éasca brí a bhaint as na coinníolacha eacnamaíocha. Bhí beirt den triúr ar an gCoimisiún ar aon intinn nár cheart mórán athrú a dhéanamh, agus iad claonta i leith an oiread talaimh agus ba fhéidir a fhágáil faoi réimeas Thuaisceart Éireann. Ní raibh Eoin Mac Néill sásta leis sin, ach ní raibh aige ach vóta amháin as triúr. Ghlac náisiúnaithe leis go mbeadh réimsí móra de Thír Eoghain, Ard Mhacha agus Fear Manach á gcur leis an SaorstáSaorstát, chomh maith le cathair Dhoire, agus nuair a nochtadh tuairisc an choimisiúin sa nuachtán, an Morning Post, an lá sula ar foilsíodh go hoifigiúil é, ba léir nár bhfiú faic na hathraithe a bhí molta.
 
Ba achrainn mhór ann faoi. Thuig ceannairí an tsaorstáit nach bhféadfaí a dhath a dhéanamh faoin tuairisc nuair a fhoilsíodh é agus bhí cruinniú ag [[Liam Tomás Mac Cosgair|Liam Mac Cosgair]], ceannaire an tSaorstáit ag an am, le [[James Craig]] agus le príomhaire na Breataine, [[Stanley Baldwin]] chun an tuairisc a chur faoi chois. Sa deireadh, níor fhoilsighfoilsíodh é agus d'fhan an teorainn gan athrú. Teorainn áiféiseach atá ann ar go leor bealaí, bóithre, feirmeacha, sráidbhailte, páirceanna, agus fiú tithe á roinnt aici idir an dá stát. Tharla conspóideachconspóid mórmhór sa Saorstát ag an am dá bharr agus d'éirigh Eoin Mac Néill as oifig. Ach, toisc nach raibh [[Sinn Féin]] ag glacadh páirt sa Dáil ag an am, ní raibh siad in ann cur ina choinne.