An difríocht idir athruithe ar: "Port Láirge"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 12:
daonra_thuathúil = 3,465 |
}}
Cathair i ndeisceart [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]] is ea í '''Port Láirge''', agus í suite i g[[Contae Phort Láirge|contae]] atá ainmnithe aisti. Is í an chathair is tábhachtaí in oirdheisceart na tíre í, agus í ar an gcúigiú ceann is mó sa tír. B'iad na [[Lochlannaigh]] a bhunaigh í sa bhliain 914, agus mar sin, an chathair is sine in Éirinn atá ann.
 
Tugtar ainm Lochlannach ar Phort Láirge as Béarla, is é sin, ''Waterford'', a tháinig as ainm sean-Lochlainnise a scríobhfaí ''Veðrafjörður'' in [[Íoslainnis]] an lae inniu. Is é [[Túr Reginald|Túr Raghnaill]] i bPort Láirge an foirgneamh cathrach is sine in Éirinn, agus é ainmnithe as bunaitheoir na cathrach, Raghnall nó ''Rögnvaldur'' as Íoslainnis. Is é an túr seo an cuimhneachán is sine dár fhág na Lochlannaigh ina ndiaidh in Éirinn a bhfuil ainm Lochlannach air i gcónaí, agus is air is fusa a aithnítear Port Láirge.