An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Chuir rialtas na Breataine an t'''Acht um Rialtas na hÉireann''' i bhfeidhm sa bhliain [[1920]]. Bhí an tAcht seo bunaithe ar an gCeathrú Bille um [[Rialtas Dúchais]] na [[Éire|hÉireann]]. Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar [[Éire|Éirinn]] tar éis [[an Chéad Chogadh Domhanda]]. Bhí an tAcht bunaithe ar an tuiscint a bhí ag [[David Lloyd George]] agus [[Walter Long]] (ceannaire na n[[
Ba é an tAcht seo a rinne críochdheighilt ar Éirinn. Dealaíodh sé chontae - an Dún, Aontroim, Ard Mhacha, Fear Manach, Doire agus Tír Eoghain - ón gcuid eile den tír, chomh maith leis an dá bhuirg úd [[Béal Feirste]] agus [[Doire]]. Ba é seo uasmhéid an limistéir ina bhféadfadh na hAontachtóirí an tromlach a choinneáil slán, ach san am céanna, fágadh cuid mhaith Caitlicigh i bhFear Manach agus i dTír Eoghain taobh istigh den teorainn. De réir an Achta, bheadh a rialtas féin ag Deisceart Éireann taobh theas, agus rialtas eile ag [[Tuaisceart Éireann]], nó an sé chontae seo.
|