An difríocht idir athruithe ar: "Colm Cúipéir"

Content deleted Content added
mNo edit summary
2009
Líne 30:
 
==Saol==
Thosaigh Cooper ag imirt le foireann Chiarraí sa bhliain 2002, agus bhuaigh se [[Sárimreoirí na Bliana|gradam All-Star]] an bhliain sin. Bhuaigh “Gooch” [[Craobh Peile Sinsearach na hÉireann|corn na hEireannhÉireann]] don chéad uair sa bhliain 2004 agus bronnadh All-Star air arís. Chaill Ciarraí an cluiche ceannais an bhliain ina dhiaidh sin ach in ainneoin sin fuair Cooper gradam All-Star.
 
Bhuaigh Ciarraí ar [[CLG Coiste Maigh Eo|Mhaigh Eo]] i gcluiche ceannais 2006. Sa bhliain 2007, bhuaigh siad craobh na hÉireann arís agus b'All-Star é Cooper. D'imir siad sa chluiche ceannais don chúigiú bliain as a chéile sa bhliain 2008 ach bhuaigh Tír Eoghain orthu.
 
Sa bhliain 2009, ní raibh Cooper ag imirt ag barr a réime ag tús na bliana. Bhí sé réasúnta ciúin sna chluichí i gCraobh na Mumhan, agus ansin fágadh seisean agus [[Tomás Ó Sé]] ar an taobhlíne don chluiche in aghaidh Aontroma. Tháinig sé chun solais gurb é pionóis a bhí i gceist, ós rud é go raibh an bheirt acu amach ar an ól tar éis chluiche amháin eile. Mar sin féin, seoladh chun pháirc é níos déanaí sa chluiche, áfach, agus bhí páirt lárnach aige i mbua na Ríochta ar an lá seo. Bhí an chuma ar an scéal go raibh ceacht foghlamtha ag Cooper, agus chruthaigh sé an méid sin le taispeántas thar barr in aghaidh Bhaile Átha Cliath sa chéad chluiche eile. D'aimsigh sé cúl cinniúnach go luath ar an lá seo, agus chríochnaigh sé an cluiche le 1-08. Bhí bua ollmhór ag an Ríocht, le seacht gcúilín déag le spáráil i ndeireadh na dála.
 
{{síol}}