An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"

Content deleted Content added
→‎Cúlra: Naisc
Líne 18:
 
Le linn an chogaidh féin, rinne an Príomh-Aire [[Herbert Henry Asquith]] dhá iarracht leis an Acht a chur i ngníomh. Ar dtús, i mBealtaine 1916, theip air aontú a bhaint as na h[[Aontachtóirí]]. Ansin, sa bhliain 1917, chuir sé gairm chruinnithe ar [[Comhdháil na hÉireann|Chomhdháil na hÉireann]], comhthionól a raibh idir Aontachtóirí agus Náisiúnaithe air, agus [[John Redmond]] ina Chathaoirleach air. Ní raibh an Chomhdháil seo féin in ann ach "tuairisc" a eisiúint le "moltaí" faoin "tuiscint" cheart ar na cúrsaí conspóideacha. Bhí an Rialtas, a raibh [[David Lloyd George]] i gceannas air anois, dírithe ar an Rialtas Dúchais a chur i ngníomh pé scéal é, le taobhshúil ar thuairisc na Comhdhála. Cheap comh-aireacht na Ríochta Aontaithe coiste ar leith, Coiste na hÉireann, le marana a dhéanamh ar na ceisteanna seo, agus ba é [[Walter Long]], polaiteoir Aontachtach, a bhí ina chathaoirleach ar an gcoiste. Mhol Coiste na hÉireann go mbunófaí ''dhá'' shlánaonad féinrialaitheacha in Oileán na hÉireann, mar atá, Deisceart Éireann agus [[Tuaisceart Éireann]].
 
Chuir Teach na dTiarnaí an leasú seo leis an mBille, ach nuair a chuaigh an Bille faoi bhráid na Parlaiminte le haghaidh an Dara Léamh i Márta 1920, bhí cuid mhór de na Feisirí Éireannacha barúlach nach bhféadfaí comhréiteach ceart a bhunú ar mholtaí Choiste Long. Chaith an Pharlaimint tréimhse fhada ag díospóireacht faoi impleachtaí airgeadais an Bhille, ach ansin, thug formhór mór na bhFeisirí a bhfaomhadh don Bhille sa Tríú Léamh ar an 11 Mí na Samhna 1920. Dhiúltaigh a lán Feisirí Éireannacha don Bhille, ina measc an tAontachtóir Maurice Dockrell agus an Náisiúnaí Seosamh Ó Doibhlin.
 
==Forbairt na gCúrsaí in Éirinn==