An difríocht idir athruithe ar: "YYA"

Content deleted Content added
m robot Modifying: en:Finno-Soviet Treaty of 1948; cosmetic changes
Líne 3:
Ar dtús, mhol an tAontas Sóivéadach don [[An Fhionlainn|Fhionlainn]] conradh um chomhoibriú míleata a shíniú, cosúil leis na conarthaí a bhí ag na Sóivéadaigh leis na [[Stát satailíteach|stáit shatailíteacha]] in Oirthear na hEorpa. Ní raibh na Fionlannaigh sásta leis an moladh seo, agus bhí eagla ar chuid mhór acu gurbh ionann a leithéid de chonradh a shíniú agus neamhspleáchas na tíre a thabhairt suas ar fad. Bhí na Sóivéadaigh sásta, áfach, dul i gcomhchainteanna leis na Fionlannaigh faoi ábhar an chonartha, agus sa deireadh thiar thall, bhí an conradh sách difriúil leis na conarthaí a bhí ag an Aontas Sóivéadach le tíortha Oirthear na hEorpa.
 
== Téacs an Chonartha ==
 
'''An Conradh um Chaidreamh Cairdiúil, Chomhoibriú, agus Chomhchuidiú idir Poblacht na Fionlainne agus Aontas na bPoblachtaí Sóisialacha Sóivéadacha'''
 
I bhfianaise a gcuid iarrachtaí le caidreamh cairdiúil a fhorbairt idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach, de thoradh na diantuairime go bhfuil sé ag dul chun leasa don dá thír
treisiú le dea-chomharsanacht agus comhoibriú idir an dá thír, le taobhshúil ar iarrachtaí na Fionlainne fanacht amach ó na coimhlintí idir na mórchumhachtaí, agus leis an gcomhiarracht chun síocháin agus slándáil idirnáisiúnta a choimeád de réir chuspóirí agus phrionsabail na Náisiún Aontaithe,
 
Líne 16:
ó thaobh Choiste Cathaoirleachta Ard-Shóivéid Aontas na bPoblachtaí Sóisialacha Sóivéadacha, Fear Ionaid Chathaoirleach Shóivéid na nAirí Rialtais agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Vyacheslav Molotov;
 
agus iad, i ndiaidh dóibh cumhachtaí a chéile a dhearbhú, tar éis an conradh seo leanas a dhéanamh:
 
'''Alt a hAon''': Má fhaigheann an Fhionlainn í féin faoi ionsaí armtha ag an nGearmáin nó ag tír atá i gcomhghuailleacht leis an nGearmáin, nó má dhéanann an Ghearmáin nó tír atá i gcomhghuailleacht leis an nGearmáin iarracht leas a bhaint as limistéar na Fionlainne le hionsaí armtha a thabhairt faoin Aontas Sóivéadach, déanfaidh an Fhionlainn a dicheall, mar is dual do thír neamhspleách, leis an ionsaí a chosc. I gcás den chineál seo, beidh an Fhionlainn ag díriú na n-acmhainní go léir atá aici ar a cosaint féin ar an talamh, amuigh ar an bhfarraige agus thuas san aer, agus í á déanamh taobh istigh dá críocha féin, de réir a dualgaisí a leagtar amach sa chonradh seo, agus, má tá an riachtanas ann, le cuidiú an Aontais Shóivéadaigh nó i gcomhoibriú leis.
Líne 34:
'''Alt a Seacht''': Cuirfear an conradh seo i ngníomh de réir na bprionsabal atá leagtha amach ag na Náisiúin Aontaithe.
 
'''Alt a hOcht''': Caithfear an conradh seo a dhaingniú, agus mairfidh sé i bhfeidhm go ceann deich mblian ón chéad lá a ndeachaigh sé i bhfeidhm.Rachaidh sé i bhfeidhm nuair a bheidh cáipéisí a dhaingnithe malartaithe, rud a dhéanfar i Heilsincí chomh luath agus is féidir.
 
Mura gcealaí ceachtar de dhá pháirtí an chonartha é roimh dheireadh na tréimhse deich mbliana a luaitear sa chonradh, beidh an conradh i bhfeidhm de réir téarmaí cúig bliana, go dtí go bhfógróidh ceann den dá pháirtí i bhfoirm scríofa go bhfuil sé meáite ar an gconradh a chur ar ceal.
Líne 44:
[[Catagóir:Stair na Fionlainne]]
 
[[en:Finno–SovietFinno-Soviet Treaty of 1948]]
[[fi:YYA-sopimus]]
[[no:VSB-avtalen]]