An difríocht idir athruithe ar: "Meimfís (An Éigipt)"

Content deleted Content added
m robot Adding: hr:Memfis; cosmetic changes
Líne 1:
Tagann '''Meimfís''', ainm [[Gréigis|Gréagach]], ó '''Men-éfer''', an t-ainm [[an Éigipt|Éigipteach]] a bhí ar phirimid [[Pépi]] (an 6ú ríora Éigipteach). Dúirt Héarodatas gur bhunaigh Ménés an chathair timpeall -3100. Meastar gurbh ionann Ménés agus an Rí [[Narmer]], a ndéantar tagairt dó i b[[Pailéad Narmer]]. Ghabh sé siúd [[An Níl|Deilt na Níle]] san Éigipt Íochtarach agus chuaigh i réim mar Fháró. Tá dáta timpeall - 3000 curtha leis an bpailéad. Bhí an chaithir faoi choimirce an dé Ptah, pátrún na gceardaithe; bhí sí suite i ndeilt na Níle agus í lán de cheardlanna arm.
[[ImageÍomhá:Egypt-Hieroglyphs.jpg|thumb|Iaraiglifí i Meimfís agus dealbh Raimséas II ar a gcúl]]
 
Ba í '''Meimfís''' príomhchathair na Sean-Ríochta go dtí timpeall -2200 agus ar feadh tréimhsí níos giorra sa Ríocht Nua,<ref>Katheryn A. Bard, ''Encyclopedia of the Archaeology of Ancient Egypt'', Routledge 1999, lch.694</ref> agus í ina lárionad riaracháin ó thús.<ref>Lynn Meskell, ''Private Life in New Kingdom Egypt'', Princeton University Press 2002, lch.34</ref><ref>Ian Shaw, ''The Oxford History of Ancient Egypt'', Oxford University Press 2003, lch.279</ref>
Líne 6:
Tá fothraigh Mheimfís timpeall 20 cm laisteas de [[Caireo|Chaireo]] ar bhruach thiar na Níle.
 
== Ainmneacha Eile ==
Sa tsean-Éigiptis tugadh '''Ineb Hedj''' ("Na Ballaí Bána") ar an tír. Bhí ainm eile fós ar Mheimfís: '''Ankh Tawy''' ("Ceangal idir an Dá Thír"), toisc an chathair a bheith suite idir an Éigipt Uachtarach agus an Éigipt Íochtarach.
 
Rinne an staraí Éigipteach [[Manetho]] tagairt do Mheimfís mar '''Hi-Ku-P'tah''' ("Áit anam Ptah"), ainm a scríobh sé i nGréigis mar ''Aί γυ πτoς (Ai-gu-ptos)''. Uaidh seo a tháinig ''Aegyptus'' na [[Laidin]]e agus ''Éigipt'' na [[Gaeilge]].
 
== Daonra ==
Is mór idir na meastacháin a rinneadh ar dhaonra na cathrach: deir T. Chandler go raibh timpeall 30,000 duine ina gcónaí ann go dtí timpeall -2250 BC agus idir -1557 agus -1400.<ref>Tertius Chandler, ''Four Thousand Years of Urban Growth'', 1987</ref> Deir K. A. Bard, áfach, nach raibh ach timpeall 6,000 duine ann sa tSean-Ríocht.<ref>Katheryn A. Bard, ''Encyclopedia of the Archaeology of Ancient Egypt'', Routledge 1999, lch.250</ref>
 
== L'Hout-Ka-Ptah: Teampall Mór an Dé Ptah agus a Chuid Leachtanna ==
Thug an staraí Gréagach [[Heireadótas]] cuntas ar a bhfaca sé ann: teampall mór a líon leath na cathrach, gan cead isteach sa chuid ba shine de ag an ngnáthdhuine (áit ar thángthas ar dhealbha ríoga lenár linn), agus an chuid eile de i bhfoirm croise. Bhí doirse móra ag na ceithre hairde, agus fuair na seandálaithe dealbha suntasacha ann. Tá a lán dealbh, olldealbh, sfioncsanna, liagán greanta agus píosaí [[ailtireacht]]a bailithe le chéile anois i gclós taispeántais mar iarsmalann amuigh faoin aer; ach tá an mhórchuid de na hiarsmaí le fáil in iarsmalanna móra an domhain.
 
Tá léargas éigin le fáil ar mhaise an tseanteampaill sa chuntas a thug taistealaithe Arabacha ar fhothraigh Mheimfís, nuair a bhí cuid mhaith den áit gan slad go fóill. Chuir taistealaithe éigin síos ar shéipéal suntasach monailiotach a bhí snoite as píosa basailt ghlais, de réir cosúlachta, agus gréas iontach air.
 
Bhí an-tóir i Meimfís ar chultas an dé Apis, hipeastáis bheo de chuid Ptah agus cuma tairbh naofa uirthi. Dúirt na finscéalta go mbíodh an tarbh le feiceáil go rialta sa [[Sean-Éigipt|tsean-Éigipt]] agus sainchomharthaí ar a dhroim.
 
== Príomhchathair na Sean-Ríochta ==
Bhí Meimfís, mar sheanphríomhchathair ríoraíoch, ina hoidhre ar ailtireacht agus [[ealaín]] ársa a fuair spreagadh gan stad ó leachtanna na ríthe, agus reiligí ollmhóra ag líonadh an ghleanna thiar le [[pirimid]]í, lena gcuid teampall siúd agus leis na háiseanna riaracháin a bhain leo.
 
Rinneadh saghas ollchathrach de na reiligí go léir, bailte móra agus calaí ag baint léi agus gnóthaí cultais ar siúl inti, agus canálacha ag nascadh na limistéar difriúil le chéile.
Líne 28:
Fuair gach limistéar reiligeach agus cultach tailte agus acmhainní, agus cuntas le fáil orthu i dtéacsanna paipíre chartlanna [[Abúsir]].
 
== An Mheán-Ríocht ==
Sa Mheán-Impireacht aistríodh an phríomhchathair go dtí [[Téibh na hÉigipte|an Téibh]]; níos déanaí aistríodh arís í go dtí áit a bhí in aice le Meimfís. Ba ghnách a leithéid a dhéanamh de réir na reilige a mbeadh ríthe áirithe á gcur.
 
Níor tréigeadh an tseanchathair, áfach; fuair na seandálaithe fianaise go raibh ceardaithe, ceannaithe agus ealaíontóirí ag obair ann go fóill.
 
==== An Ríocht Nua ====
Faoin Ríocht Nua ba í Meimfís an fíorlárionad riaracháin agus an phríomhchathair ríoga. Is ann a tugadh oideachas do na prionsaí agus do chlann na huaisle, agus bhí a lán pálás ríoga ann.
 
Líne 53:
* Petrie ag tochailt ann idir na blianta 1907 agus 1912: thángthas ar iarsmaí teampall agus pálás agus sfioncs mhór alabastair.
* Tochailt á déanamh ag Ollscoil Pennsylvanie idir na blianta 1914 agus 1921: thángthas ar theampall agus ar phálás;
* Sa bhliain 1942 tháinig Ahmed Badawy ar theampall beag de chuid Ptah, agus ar shéipéal agus thuama an phrionsa [[Sheshonq (ardsagart Ptah) |Sheshonq]] agus a mhic [[Takélot (ardsagart Ptah) |Takélot]] (an 22ú ríora);
* Rudolph Anthes de chuid Ollscoil Philadelphie á tochailt ann idir na blianta 1955 agus 1957: tháinig sé ar theampall beag agus chláir bhalsamaithe de chuid an tairbh naofa;
* Tá idir [[seandálaíocht|sheandálaithe]] eachtrannacha agus sheandálaithe Éigipteacha ag obair i Meimfís ón mbliain 1970 i leith, ag teacht ar iarsmaí tábhachtacha agus ag bailiú eolais; fuarthas leachtanna, annálacha agus tuamaí.
 
== Tagairtí ==
{{refbegin}}
* Baines & Malek, ''Cultural Atlas of Ancient Egypt'', 2000. ISBN 0-8160-4036-2
Líne 79:
{{reflist}}
 
== Naisc Sheachtracha ==
*[http://www.maat.sofiatopia.org/memphis.htm On the Memphis Theology]
*[http://local.live.com/default.aspx?v=2&cp=29.84466~31.250917&style=h&lvl=13 Memphis site (Windows Live Local)]
Líne 106:
[[he:ממפיס (מצרים)]]
[[hi:मेम्फ़ीस]]
[[hr:Memfis]]
[[hu:Memphisz]]
[[id:Memphis, Mesir]]