An difríocht idir athruithe ar: "Nelson Mandela"

no edit summary
I 1948 bhí toghchán ann. Ag an am sin bhí Apairtéid i bhfeidhm, agus ní raibh an vóta ag daoine gorma. Bhí an smacht ag na daoine geala. Thuig Nelson go raibh sé seo mícheart. Ag an am sin ní raibh cead ag daoine gorma agus daoine geala pósadh. Bhí bac ar rudaí ar nós na suíocháin céanna a úsáid.
 
Ag an gcoláiste bhuail Nelson le daoine bána. Bhuail sé le [[Joe Slovo]], [[Walter Sisulu]] agus [[Oliver Tambo]], daoine a raibh smaointe ceanna acu le Nelson. Theastaigh uathu na dlíonna dian seo a arthrú chomh maith. I 1953 thosaigh Nelson agus Oliver ag cleachta an dlí ach ní raibh sé sin a ndothainn. Theastaigh uaidh rud éigeann a dhéanamh.
 
I 1960 chuaigh Nelson agus a chairde ar stailc i [[Johannesburg]] agus dá bhrí sin cuireadh Nelson ar triail don chéad uair, ach níor tugadh aon phíonós dó. I 1962 cuireadh ar triail arís é. Chaith sé fionnadh leopard chuig an chúirt agus rinne sé ‘salute’ go dtí na daoine gorma agus scread amach ‘amadla’.
 
Cuireadh Mandela faoi ghlas ó [[1962]] go dtí [[1990]]. Chuaigh sé ar ais go dtí an chúirt i 1964. Dúirt sé go raibh an rialtas freagrach ar na rudaí dona a bhí ag tarlú sa tír. Cuireadh ar ais go dtí an bpriosún é. An uair seo ar feadh a shaol. Chaith sé an chuid is mó den am i seomra beag amháin, ar [[Oileán Robben]].Scaoileadh ón bpriosún é i Feabhra 1990.
 
[[Íomhá:MandelaStatue.jpg|thumb|left|Dealbh i [[Londain]].]]
Ar an [[27ú Aibreán]] [[1994]] tháining daoine bána agus dorcha amach agus vótáil Nelson mar uachtarán an Afraic. Ba é Mandela an chéad uachtarán na tíre a dtoghadh i dtoghchán daonlathach. Uachtarán rathúil ab ea é ach níor ghlac sé páirt sa toghchán i [[1999]] mar theastaigh uaidh go mbeadh duine níos óige mar uachtarán.
{{síol}}
 
793

edits