Tugtar '''néaltrú''' ar mheath forchéimnitheach na hintinneh[[intinn|intinne]] agus na cognaíochta faoi thionchar damáiste inchinne nó galar atá ag oibriú ar an inchinn, go háirithe meath atá chomh dona is nach féidir a rá gurb í an aois mhór amháin is cúis leis. I nGaeilge na Gaeltachta, deirtear faoi sheanduine a bhfuil an néaltrú ag teacht air go bhfuil sé ag dul sa '''dara leanbaíocht''', in '''aois na hóige''', i '''leanbaíocht na haoise''' nó i '''leanbaíocht na seanaoise'''.