An difríocht idir athruithe ar: "Stáit an Phápa"

Content deleted Content added
Líne 6:
==Stair==
 
Sa tséú haois, d'éirigh leis an Impireacht Bhiosántach seilbh a ghlacadh ar shlabhra de chathracha i dtuaisceart na hIodáile, ó Ravenna go dtí an Róimh. Ní raibh na Biosántaigh in ann a gcumhacht a chur i bhfeidhm ar an Iodáil go léir, agus mar sin, thit cuid mhór den chumhacht le heaspag na Róimhe - an Pápa - ó ba eisean an tiarna talún ba mhó sa réigiún. Cé go raibh sé, go teoiriciúil, dílis don Bhiosáint, bhí sé ag rialú Dhiúcacht na Róimhe (arb ionann í, a bheag nó a mhór, agus cúige stairiúil Lazio ná Latium) mar a bheadh monarc ann. Nuair a scaoil an Bhiosáint a greim den Iodáil sa bhliain 751, chuaigh an Pápa Stiofán a Dó ar lorg cuidiú ó Pheipín Beag, a bhí ag rialú Ríocht na bhFranc, lena chumhacht a choinneáil. Sna blianta 754 agus 756, d'fhorghabh Peipín tuaisceart na hIodáile, agus bhronn sé tailte iar-Bhiosántacha na hIodáile ar an bPápa ([[Tabhartas Pheipín]]). Sa bhliain 781, shocraigh Séarlas Mór teorainneacha Stáit an Phápa: gheobhadh an Pápa Ravenna, na Cúig Cathracha nó ''Pentapolis'' ar chósta thoir na hIodáile (Ancona, Fano, Pesaro, Rimini agus Senigallia), codanna de Dhiúcacht Benevento, den [[An Tuscáin|Tuscáin]], den [[An Chorsaic|Chorsaic]] agus den [[An Lombaird|Lombaird]], chomh maith lena lán cathrach san Iodáil. Sa bhliain 800 AD shroich comhoibriú an Phápa agus an Impire Naofa a bhuaicphointe, nuair a chorónaigh an Pápa Leon a Trí an tImpire Séarlas Mór.
 
Ní raibh sé soiléir ná socraithe, áfach, cad é an bhaint a bhí ag Stáit an Phápa leis an Impireacht Naofa. An raibh an Pápa ag rialú a chuid tailte mar a bheadh prionsa neamhspleách ann, nó an ea nach raibh na tailte ach ar iasacht aige ón Impire? Níor tháinig an choimhlint seo go cnámh na huillinne riamh, nó nuair a fuair Séarlas Mór bás, d'éirigh ina chogadh idir a chlann mhac, agus sa deichiú haois, fuair na huaisle áitiúla nó réigiúnacha sa Róimh an ceann ab fhearr ar an bPápa féin, ó nach raibh sé in ann a údarás a chur i bhfeidhm ar na stáit de cheal impire láidir a thiocfadh chun fortachta chuige.
 
Timpeall ar lár na deichiú haoise, d'éirigh le hOttó a hAon, Rí na Gearmáine, tuaisceart na hIodáile a fhorghabháil, agus bhí sé sásta an sean-chomhoibriú leis an bPápa a athbheochan. Ar an 2 Feabhra 962, chorónaigh an Pápa Eoin a Dó Déag mar Impire Naofa é. Dheimhnigh Ottó forlámhas an Phápa ar a chuid tailte le doiciméad ar leith, ''Diploma Ottonianum''.
 
{{commonscat|Papal States|Stáit an Phápa}}