An difríocht idir athruithe ar: "Ciainíd"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 8:
 
Is féidir leis an ian ciainíde páirt na liogainne a dhéanamh in iain choimpléascacha, ar nós na fearóiciainíde. Is éard atá i gceist leis an bhfearóiciainíd ná ian iarainn (II) a bhfuil sé ian ciainíde grúpáilte ina lioganna ina thimpeall. Tugtar heicsicianóifearáit (II) ar an gcoimpléasc seo freisin, agus is í an fhoirmle cheimiceach atá aige ná [Fe(CN)<sub>6</sub>]<sup>4-</sup>. Sa choimpléasc fearóiciainíde, tá na hiain chiainíde chomh dlúthcheangailte den iarann agus go bhfuil an t-iomlán sách neamhurchóideach don duine.
 
Is é an modh is simplí leis na hiain chiainíde a aithint ná tástáil an ghoirm phrúisigh. Go bunúsach, cuirtear beagáinín sulfáite iarainn (II), nó sulfáite feiriúla, FeSO<sub>4</sub>, leis an tuaslagadh a gcreidtear go bhfuil ciainíd ann. Má bhíonn ciainíd ann, tiocfaidh dath gorm sa tuaslagadh - an gorm prúiseach, nó comhdhúil na n-ian iarainn (II) agus na n-ian fearóiciainíde.