An difríocht idir athruithe ar: "Thomas Hodgkin"

no edit summary
[[Íomhá:Thomas Hodgkin.gif|thumb|Thomas Hodgkin]]
Lia ab ea '''Thomas Hodgkin''' (rugadh ar an [[17 Lúnasa]] [[1798]] i bPentonville é agus fuair sé bás ar an [[5 Aibreán]] [[1866]] i Jaffa, sa Phalaistín). Paiteolaí [[Sasana|Sasanach]] ab ea é agus thug sé a ainm do [[Galar Hodgkin|liomfóma Hodgkin]], cineál ailse sna faireoga limfe ar ar thug sé an chéad chur síos sa bhliain [[1832]].
 
Bhí sé ina bhall de [[Cumann na gCarad|Chumann na gCarad]], is é sin, ina Chaecar. D'fhág a chreideamh daingean reiligiúnach a shliocht ar a shaol agus ar a shaothar araon. Bhí an mhíochaine ar an gcloch ba troime ar a phaidrín, ach thairis sin, ba chás leis leasú na sochaí agus cúrsaí oideachais. Bhí sé ar na daoine móra carthanais lena linn, agus deirtear go raibh sé ar duine acu siúd ba mhó a rinne le sochaí na [[An Bhreatain Mhór|Breataine Móire]] a chur i mbealach a feabhais sa [[19ú haois|naoú haois déag]]. Rinne sé éachtaí móra ar mhaithe le bundúchasaigh na h[[An Astráil|Astráile]] agus na [[An Nua-Shéalainn|Nua-Shéalainne]] freisin, tráth a shaoil.