An difríocht idir athruithe ar: "Brioscáin phrátaí"

Content deleted Content added
~MOS
Líne 2:
Is míreanna thanaí de [[práta|phrátaí]] atá domhainfhriochta go dtí go bhfuil siad briosc iad '''brioscáin phrátaí'''. Itear mar scroid iad de ghnáth. Cuirtear mar mhaisiciúchán iad in aice [[ceapaire|ceapairí]] i m[[bialann|bialanna]]. Díoltar i málaí beaga iad de ghnáth, ach is féidir iad a cheannach i bhfeadán freisin, [[Pringles]] ach go háirithe. Bíonn blasanna éagsúla ar bhrioscáin phrátaí. Is iad brioscáin phrátaí le [[salann]] orthu an blas bunúsach, ach is iomaí blas eile atá ar fáil amhail [[cáis]] agus [[oinniúin]], salann agus [[fínéagar]], [[gairleog]], [[oinniún]], [[síobóid]], [[cillí]], blas [[bagún]], blas na mara is araile. Níl teorainn le líon na mblasanna.
 
===Bunús Brioscáin Phrátaí===
De réir an bhéaloidis, ba é an cócaire George Chum a chruthaigh brioscáin phrátaí don chéad uair ar an 24 [[24 Lúnasa]], [[1853]]. Bhí fear ag iarraidh béile a chaitheamh sa bhialann ''Moon's Lake House'' gar do Saratoga Springs, [[Nua Eabhrac]]. Níor thaitin na prátaí a thugadh dó leis an bhfear clamhsánach áirithe seo. D'éirigh an tUasal Chum bréan den fhear nuair a sheol sé na prátaí ar ais chuige arís agus arís eile, ag áitiú go raibh na prátaí ró-thiubh agus bhíodar ina spaideanna. Le sin, ghearr Chum prátaí an-thanaí ar fad ionas nach bheadh an clamhsánaí in ann iad a ithe le [[gabhlóg]]. Rinne sé iad a fhriocadh i gcorcán lán le [[ola]] te. Thaitin na prátaí frioctha seo go mór leis an fhear, cé nach raibh Chum ag súil leis. Bhí na brioscáin phrátaí ar fáil sa bhialann as sin amach. Ghlaodh ''"Saratoga Chips"'' orthu.
 
[[Catagóir:Bia agus deoch]]