An difríocht idir athruithe ar: "Ciainíd"
Content deleted Content added
Cata, |
Guliolopez (plé | dréachtaí) Naisc |
||
Líne 1:
Is ian í an '''chiainíd''' a bhfuil aon adamh [[carbón|carbóin]] amháin agus aon adamh [[nítrigin|nítrigine]] amháin ann, agus lucht leictreach diúltach singil aige. Tá nasc comhfhiúsach triarach idir an dá adamh san ian seo, agus is ionann struchtúr leictreonach na ciainíde agus an [[móilín|mhóilín]] nítrigine, N<sub>2</sub>. CN<sup>-</sup> an [[foirmle|fhoirmle]] cheimiceach. Má thugann móilín an aigéid phrúisigh HCN, ar a dtugtar ciainíd
Is féidir teacht ar an gciainíd mar ghrúpa adamhach sna
Nimh láidir is ea an chiainíd - is é sin, an t-ian féin. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil sí ábalta ceann de na heinsímí a chosc atá riachtanach le leas a bhaint as an [[ocsaigin]] análaithe. Mar sin, déanann sí dochar sciobtha do na fíocháin sa cholainn atá i dtuilleamaí na riaspróide aeróbaí thar aon fhoinse fuinnimh eile - lárchóras na néaróg (an [[inchinn]] san áireamh) agus an [[croí]], ach go háirithe. D'fhéadfá a rá gurb é is éifeacht don nimhiú ciainíde ná go dtachtfar an t-othar cé go bhfuil a dhóthain aeir agus ocsaigine ina thimpeall aige.
Na comhdhúile ina bhfuil an grúpa adamhach seo, bíonn siad go léir nimhiúil, ach braitheann sé ar chomh furasta agus atá sé an t-ian ciainíde a scaoileadh saor uathu. Mar sin, bíonn ciainídí na miotal, cosúil le KCN agus NaCN, uafásach dainséarach, nó scaoilfear an t-ian ciainíde iontu saor a thúisce is a thiocfaidh siad i dteagmháil leis an [[uisce]]. Maidir leis na nítrílí, áfach, tá nasc comhfhiúsach iontu idir an grúpa ciainíde agus an chuid eile den mhóilín, agus mar sin, bíonn sé deacair an t-ian ciainíde a dhealú, ionas go bhféadfaidh sé a chuid mioscaise a dhéanamh. Is féidir leis an meitibileacht an t-ian a scaoileadh saor ceart go leor, rud a chiallaíonn go bhfuil nimhiúlacht ''áirithe'' ag baint leis na nítrílí, ach níl siad leath chomh dona le ciainídí na miotal.
Is féidir leis an ian ciainíde páirt na liogainne a dhéanamh in iain choimpléascacha, ar nós na fearóiciainíde. Is éard atá i gceist leis an bhfearóiciainíd ná ian iarainn (II) a bhfuil sé ian ciainíde grúpáilte ina lioganna ina thimpeall. Tugtar heicsicianóifearáit (II) ar an gcoimpléasc seo freisin, agus is í an fhoirmle cheimiceach atá aige ná [Fe(CN)<sub>6</sub>]<sup>4-</sup>. Sa choimpléasc fearóiciainíde, tá na hiain chiainíde chomh dlúthcheangailte den iarann agus go bhfuil an t-iomlán sách neamhurchóideach don duine.
|