An difríocht idir athruithe ar: "Plé:Pálás Nymphenburg"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
:D'Athainmnigh mé an t-alt seo go dtí 'Pálás Nymphenburg' toisc nach bhfuil an focal 'Bruíon', dar liomsa, ag freagairt don fhocal 'Schloss', sa lá atá inniu ann. Tá sé soiléir nach raibh 86.45.232.234 ar aon intinn liom sa chás seo! B'fhearr i bhfad 'miniú' in áit 'masla' (.i. "Tá lúdramán tar éis an t-alt bunaidh a athrú gan cúis") a thabhairt. Ar dsor ar bith, b'fhearr go dtoimhdeofar go bhfuil 'bona fides' ag duine ar bith a dhéanann eagarthóireacht dtí go suífear a mhalairt.[[Úsáideoir:Éóg1916|Éóg1916]] 07:15, 5 Meán Fómhair 2009 (UTC)
::Pálás atá ann. Níl a fhios agam cá bhfuair tú an focal "bruíon" ó. --[[User:Footyfanatic3000|<font color="Green">'''Footyfanatic'''</font>]][[User talk:Footyfanatic3000|'''<font color="Green">3000</font>''']] 12:57, 5 Meán Fómhair 2009 (UTC)
 
A dhaoine chóra,
 
Ní mór daoibh foclóirí éagsúla a léamh.
 
Féach O'Neill Lane leathanach 1140 - Palace - (1) a royal residence (a) bruighean; (b) brúgh; (c) cúirt; (d) ríoghlann; (e) breaslann (from breas, a prince, and lann, a house); (f) longphort; (g) ríoghphort; (h) príomhárus; (i) píoláid. (2) The official residence of a bishop - pálas.
 
Féach Duinnín leathanach 130, Bruidhean - a hostel, a caravanserai; a castle, a royal residence, a fairy palace; ''smt.'' an inmate of such a palace; a dwelling, a mansion (common in place names).
 
Anois sílim go oiriúnaíann ''castle, a royal residence, a fairy palace'' le bruíon. Is Schloss Nymphenburg ainm an fhoirgnimh i nGearmáinis. Féach an gaol idir bruíon agus ''palace'' agus ''schloss''. Féach cad is brí le ''schloss'' sa Bhéarla ar Google Translate - http://translate.google.ie/translate_t?q=schloss&oe=utf-8&rls=org.mozilla:en-US:official&client=firefox-a&um=1&ie=UTF-8&sa=N&hl=en&tab=wT#de|en|schloss
 
Is ionann schloss agus ''castle, palace, mansion, stately home, manor, manor house.'' Féach cad a scríobh Ó Duinnín. Is ionann bruighean/bruíon agus castle agus a royal residence. Mar sin is ionann bruíon agus ''palace''.
 
Tá fáth eile ann a roghnaigh mé an focal bruíon. Baineann sé leis an míniú eile atá ag bruíon - áit chónaithe na síthe. Sa leabhar ''"Great Gardens of the Western World"'' le Peter Coats, foilsithe i Nua Eabhrac i 1963, tá caibidil ann don Nymphenburg. Ar leathanach a 160 scríobh Coats ''"...Ferdinand had almost given up hope when, after eight hectic years of marriage, an heir unexpectedly appeared. In high delight, and as a reward, the Elector gave orders that work should at once be started on the new country palace for which his wife had always longed. It was to be called the Nymphaeum, a sanctuary for nymphs..."''
 
Tá síthe agus nimfeacha cosúil lena chéile, mar sin tá an t-ainm bruíon oiriúnach do Schloss Nymphenburg chun an dá rud a chur in iúl - Áit chónaithe don teaghlach ríoga agus áit chónaithe na síthe.
 
Más féidir an cúlra agus an taighde seo a shárú, léirigh é.
Return to "Pálás Nymphenburg" page.