An difríocht idir athruithe ar: "Pádraic Ó Conaire"

Content deleted Content added
Líne 14:
Bhí sé pósta le Molly Ní Mhanais, agus bhí ceathrar clainne acu: Eileen (r. 22 Feabhra 1905), Patrick (r. 3 Samhain 1906), Kathleen (r. 24 Feabhra 1909) agus Mary Josephine (28 Iúil 1911–1922), a fuair bás de bharr [[diftéire]]. D'fhág sé a bhean agus a chlann agus chaith na blianta ag fánaíocht ar fud na hÉireann.
 
Cailleadh é sna fichidí nuair nach raibh aige ach caoga bliain. Fuair sé bás i Mí Dheireadh Fómhair 1928, agus é ar chuairt ar phríomhoifig Chonradh na Gaeilge i m[[Baile Átha Cliath]]. Bhí dealbh ina chuimhne sa bh[[Faiche Mór]] i n[[Gaillimh]] ach aistríodh é go gáirdíngairdín Chomhairle na Cathrach agus is ansin atá sé faoi láthair. Nuair a bheidh an t-athchóiriú atá á dhéanamh ar an bhFaiche Mhór curtha i gcrích, tá sé i gceist macasamhail den dealbh a chur ar ais ann.
 
Tá sé curtha i Reilig an Bhóthair Mhóir i n[[Gaillimh]].