An difríocht idir athruithe ar: "Scéim Aistriúcháin an Ghúim"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 12:
==Fiúntas na Scéime==
Nuair a cuireadh tús leis an scéim bhíothas den tuairim gur sheift áisiúil a bheadh san aistriúchán chun fadhb na heaspa leabhar Gaeilge a shárú. Go deimhin, bhí scéimeanna aistriúcháin Breatnaise agus Pléimeannaise a rinneadh ag deireadh na naoú haoise ina bhfianaise air sin. De réir mar a cuireadh dlús faoin scéim, áfach, chuir daoine ina choinne. Aistriúcháin ar shaothair Bhéarla a bheith i bhformhór mór na leabhair an gearán ba choitianta. Toisc nach raibh aon chainteoirí aonteangacha Gaeilge a raibh scríobh agus léamh acu fágtha in Éirinn faoi sin, bhí rogha ag an léitheoir idir an bunsaothar nó an tiontú. Anuas air sin, níor roghnaíodh ar bhonn córasach na leabhair a bhí le tiontú – rogha phearsanta an eagarthóra nó an aistritheora féin seachas mian an ghnáthléitheora ba bhunús le cuid de na leabhar a roghnaíodh. D’fhág an dá ní sin gur tháinig laghdú ar mhargadh a bhí beag an chéad lá riamh. Maítear freisin go raibh roinnt mhaith de na daoine a rinne aistriúcháin thar ceann an Ghúim ábalta bunsaothair a scríobh agus sásta é sin a dhéanamh agus gurbh fhearr an mhaise don Ghaeilge é dá nglacfadh an Gúm leis na saothair sin seachas a bheith meáite ar aistriúcháin a fhoilsiú. Maíonn roinnt criticeoirí gur mhúch an obair
Ar an taobh eile de, meastar go bhfuil fiúntas mór sna haistriúcháin i ngeall ar an gcaighdeán ard Gaeilge iontu, gur eiseamláir den dea-aistriúchán iad, agus gur stóras canúintí iad (rud a chuaigh chun sochar na teanga nuair a bhí Foclóir [[Tomás de Bhaldraithe|de Bhaldraithe]] á thiomsú<ref>Féach Ní Bhrádaigh 1997, lch 66.</ref>). Meastar, leis, gur léirigh éagsúlacht na leabhair a aistríodh go raibh an Ghaeilge in ann ag an uile chineál seánra nua-aimseartha (beatháisnéis, stair, litríocht, dráma, réalteolaíocht, scéalta bleachtaireacht, reilgiún srl.) in ainneoin an í gan a bheith caighdeánaithe an tráth sin.
|