An difríocht idir athruithe ar: "Bogearraí mailíseacha"

Content deleted Content added
Jotterbot (plé | dréachtaí)
m robot Modifying: de:Schadprogramm
Líne 13:
==Bunús agus cuspóirí==
 
Cuid de na bogearraí mailíseacha, ní raibh iontu ar dtús ach turgnaimh eolaíochtúlaeolaíochtacleasannaclis magaidhmhagaidh. Iad siúd a d'fhorbair iad, ní raibh siad ag iarraidh dochar tromchúiseach a dhéanamh d'aon duine ná dá ríomhaire. Na ríomhchláraitheoirí óga a bhíodh á scríobh, ní raibh i gceist acu ach éirí eolach ar bhealaí na víresvíreas, go háirithe chomh tapa agus a bhí siad ag léim ó ríomhaire go ríomhaire. Dealraíonn sé nach raibh ach cleas magaidh i gceist leis na víris ab fhairsinge a leath, chomh déanach leis an mbliain [[1999]].
 
Na víris atá ceaptha le loitiméireacht a dhéanamh nó leis na sonraí a dhíothú, tá níos mó i gceist leosan ná cleas magaidh. In imeacht ama, áfach, tháinig víris eile ar an bhfód agus iad dírithe ar bhrabús gnó a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ríomhairí daoine eile i nganfhios dóibh. Is féidir leis an gcoirpeach dul i muinín na ríomhairí ionfhabhtaithe (truaillithe) le litreacha turscair (spam) a chur sa ríomhphost, ábhar coiriúil ([[pornagrafaíocht leanaí]], mar shampla) a choinneáil ar stóras, nó [[ionsaí diúltaithe seirbhíse]] a chur i gcrích mar shracaireacht.
 
==Na víris is na péisteanna==