An difríocht idir athruithe ar: "Drámaíocht na Gaeilge"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 50:
 
Tá sé le feiceáil an dtiocfadh spionnadh nua i ndrámaíocht na Gaeilge de bharr borradh a theacht faoi líon na nGaeilgeoirí sna cathracha, go háirithe i mBaile Átha Cliath, i m[[Béal Feirste]] agus i n[[Doire]]. Tuar dóchais (nó ábhar suime ar a laghad) is ea [[Aisling Ghéar]], compántas atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a leiríonn drámaí trí Ghaeilge amháin, idir bhundrámaí agus aistriúcháin. Tugtar cúnamh éigin do Bhéarlóirí chun go mbeidís in ann sult as bhaint as a bhfuil ar siúl. B'fhéidir go dtiocfadh a leithéidí eile ar an saol nuair a bheadh slua féachana meánaicmeach le Gaeilge ann den saghas a chothaíonn an drámaíocht i dteangacha eile.
 
====Drámaí Gaeilge a léiríodh le roinnt blianta anuas====
 
Rinne [[Aisteoirí Ráth Chairn]] dhá léiriú den dráma Bairbre Rua ag féilte drámaíochta i [[Ráth Chairn]] agus ar an g[[Ceathrú Rua]] sa bhliain 2009. D'eirigh le Seán Mac Donncha gradam aisteoireachta a bhaint amach ag an bhféile ar an gCeathrú Rua.
 
==Tagairtí==