An difríocht idir athruithe ar: "Scéim Aistriúcháin an Ghúim"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 18:
==Criticeoireacht==
Ina dhiaidh sin féin, bhí scríbhneoirí Gaeltachta míshásta le gnéithe áirithe d'obair an Ghúim agus de scéim an aistriúcháin. Thug [[Máirtín Ó Cadhain]] "
''Ní gnách labhairt ar litríocht na Gaeilge gan an Gúm a ionsaí. Is beag milleán a cuireadh ariamh air nár thuill sé. Ar láthair na huaire is mó a dhochar ná a shochar.''
Go bunúsach, bhí an Cadhnach barúlach go raibh córas neamhoifigiúil cinsireachta i bhfeidhm ag an nGúm agus é níos déine ná an chinsireacht oscailte a bhí á déanamh ar na leabhair Bhéarla in Éirinn san am chéanna. Cháin sé an rud ar thug sé tíorántacht na bpáistí scoile agus na mban rialta air, is é sin, go raibh an Gúm drogallach aon leabhar Gaeilge a fhoilsiú a bhainfeadh geit as an dá dhream seo, ó bhí an priacal ann i dtólamh go mbainfí úsáid as an leabhar mar lón léitheoireachta is mar áis teagaisc ar scoil (agus ba iad na hoird reiligiúnacha a bhí i gceann fhormhór mór na scoileanna in Éirinn sa linn sin).
== Roinnt Mórshaothar Litríochta a Aistríodh faoin Scéim==
|