An difríocht idir athruithe ar: "Dronairde"

Content deleted Content added
No edit summary
 
chuir mé ceann den dá "ansin" taobh istigh den abairt chéanna ar lár
Líne 1:
Is é is '''ceartairde''' nó '''ceartéirí''' ann ná an stua den mheánchiorcal neamhaí atá idir an réalta agus pointe trasnaithe an [[Meánchiorcal neamhaí|mheánchiorcail neamhaí]] agus an [[Éiclipteach|éicliptigh]]. Is é sin an pointe ina dtrasnaíonn an Ghrian an meánchiorcal neamhaí, lá cónochta (lá leathach) an Earraigh. Ceann de chomhordanáidí an mheánchiorcail atá ann, mar cheartairde, a úsáidtear le suíomh na réalta nó na rinne neimhe ar an spéir a chur in iúl. Ar chúiseanna praiticiúla matamaitice, is gnách an stua sin a shainiú in aonaid an ama, seachas sna céimeanna stua. Is ionann, ansin, ceithre huaire fichead an chloig, ansin, agus stua iomlán an chiorcail.
 
Is é "ceartairde" an téarma a mholtar i láthair na huaire. Is é an téarma atá ar fáil i bhFoclóir de Bhaldraithe ná ''ceartéirí''. Tá saineolaithe ann a deir gurbh é ''dronairde'' an leagan is fearr, áfach.