An difríocht idir athruithe ar: "Batman"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Carachtar ficseanúil é '''Batman'''(AKA Ross Mullen) a chonacthas an chéad uair sna coimicí ar an iris ''Detective Comics'' i mí na Bealtaine [[1939]]. B'iad Bob Kane agus Bill Finger a chéadcheap an laoch seo, ach is nós gan ach Kane a lua, ós rud é gurbh eisean a tharraing é.
 
Is é an fíorainm atá air ná Bruce Wayne. Gróintín saibhir é a bhfuil cónaí air i Mainéar Wayne, ar mainteach é i g[[Cathair Gotham]], cathair shamhailteach agus í múnlaithe ar chathair Nua-Eabhraic ó thaobh na staire de, cé go bhfuil an t-atmaisféar níos duairce i nGotham. Cuidíonn a chara is a leathbhádóir, Robin, leis, chomh maith lena ghiolla Alfred Pennyworth. Is é cúlra an scéil gur mharaigh coirpeach tuismitheoirí Bruce Wayne os comhair a shúl nuair a bhí sé ina bhuachaill óg, agus gur chinn sé ansin a shaol a thiomnú don troid in aghaidh na gcoirpeach.