An difríocht idir athruithe ar: "Des Bishop"

Content deleted Content added
mNo edit summary
→‎An Ghaeilge: Léimigí Thart..
Líne 27:
 
Agus é ag cloí leis an bprionsabal sin, tá sé tar éis bliain a chaitheamh ag maireachtáil i nGaeltacht Chonamara mar dhúshlán do shraith nua teilifíse atá le taispeáint ar RTÉ dar teideal ''[[In the Name of the Fada]]''.<ref>[http://www.rte.ie/about/pressreleases/2007/0808/autumnlaunch07.html RTE.ie - Preaseisiúint] {{en}}</ref> Déileálann an chéad eagrán sa tsraith le Deasún ag cur aithne ar dhaoine áitiúla, an timpeallacht thiar agus an áit a mbeidh sé ag cur faoi; clárú do ranganna Gaeilge agus na daoine a chabhróidh leis socrú isteach. Feictear é i mbun gníomhaíochtaí éagsúla le muintir na háite a chabhróidh lena stór focal a leathnú le linn babhtaí dornálaíochta, ceardlanna drámaíochta agus cluichí peile.
 
Bhain sé feidhm as a chuid Gaeilge nua chun leagan Gaeilge den rap-rian Jump Around, le House of Pain a thaifead. Cuimsíodh an t-amhrán, Léimigí Thart, ar an gceirnín [[Ceol '08]].
 
Tá Deasún Mac an Easpaig ina chónaí in Éirinn ó bhí sé ceithre bliana déag d’aois. Is cosúil go bhfuair sé bata agus bóthar ó scoil i Flushing, [[Queens]], a raibh sé ag freastal uirthi agus é ina dhéagóir. Bheartaigh a athair, a raibh gaolta in Éirinn aige, é a chur go scoil chónaithe i [[Loch Garman]]. D’fhreastail sé ar an ollscoil i gCorcaigh ina dhiaidh sin, áit ar thug sé faoin stáitse den chéad uair.