An difríocht idir athruithe ar: "Friedrich Nietzsche"

Content deleted Content added
m robot Adding: hif:Friedrich Nietzsche; cosmetic changes
Líne 2:
[[Fealsúnacht|Fealsamh]] Gearmánach ab ea é '''Friedrich Wilhelm Nietzsche''' (Röcken-Lützen [[15 Deireadh Fómhair]] [[1844]] - Weimar [[25 Lúnasa]] [[1900]]). Rinne sé staidéar ar na teangacha clasaiceacha agus ar an diagacht, ach is mar fhealsamh frith-Chríostaí is mó a thabhaigh sé a cháil. Coincheap tábhachtach ina fhealsúnacht is ea é an Sár-Dhuine (''Übermensch''), agus mar sin, is minic a chuirtear ina leith go raibh sé ag réiteach an bhealaigh don [[Naitsíochas]].
 
== Saol ==
Ní raibh Nietzsche ach ceithre bliana fichead d'aois nuair a bhain sé amach ollúnacht le teangacha clasaiceacha in [[Ollscoil Basel]] san [[An Eilvéis|Eilvéis]]. D'éirigh sé as an bpost sin i gceann deich mbliana, agus a shláinte ag teip air. Ina dhiaidh sin, bhí sé ag taisteal ó thír go tír, idir an Eilvéis, [[an Fhrainc]], [[an Iodáil]] agus [[an Ghearmáin]]. Ní raibh ann ach scríbhneoir sách anaithnid ag an am. In aois a cheithre bliana is dhá scór buaileadh é le galar tromchúiseach siciatrach, agus b'éigean dó a raibh fágtha dá shaol a chaitheamh faoi chúram a mháthar agus a dheirféar. Faoin am seo bhí aird ag teacht ar a shaothar.
 
Líne 11:
Tá tionchar Nietzsche le mothú go mór lasmuigh den fhealsúnacht, agus is iomaí ciall a baineadh as a shaothar i rith na mblianta. Dearctar air freisin mar dhuine de scríbhneoirí móra na Gearmáinise, ó bhí stíl shnoite ghreanta aige, beag beann ar an ábhar.
 
== Tréithe Ginearálta a Shaothair agus a Mhachnaimh ==
Chuir Nietzsche roimhe dul amach ar conas an duine a uaisliú. B’éigean, mar sin, prionsabail na huaisleachta a chinntiú mar fhadhb chultúir. Chuir sé an mian sin in iúl ar shlite difriúla: meitifisc an ealaíontóra, staidéar stairiúil ar na mothúcháin agus ar shamhlaithe morálta, agus an eiseadh tragóideach a dhearbhú trí nóisin Thoil na Cumhachta, an tSíor-Fhillte agus an tSár-Dhuine.
 
Tá iarraidh déanta ar mhachnamh Nietzsche a eagrú de réir tréimhsí, ach is deacair fás an mhachnaimh sin a thuiscint, go hairithe de bharr na feidhme a bhain sé as na natháin agus iad roinnte de réir téamaí. B’fhearr leis gan trácht a dhéanamh de réir oird agus eagair, mar shíl sé go raibh an machnamh ag fás uaidh féin i gcónaí agus go raibh spontáineacht éigin ag baint leis na natháin úd. Ní raibh fonn air ach oiread freastal ar lucht mearléitheoireachta nach gcuirfeadh de dhua orthu féin athmhachnamh a dhéanamh ar ar léigh siad. Mar sin féin, scríobh sé a leabhair dheireanacha go slachtmhar chun go dtuigfí gan dua é.
 
== Toil na Cumhachta ==
 
Ba í an aidhm a bhí ag Nietzsche bonn a bhaint ó na fealsúnachtaí a bhí ann cheana agus amhras a chur sna prionsabail a luaimid leis an bFhírinne, leis an Maith agus leis an Eiseadh Daonna. D'fhiafraigh Nietzsche cén prionsabal ba dhual do dhearcadh áirithe. Cén prionsabal, a dúirt sé, a bhaineann le prionsabal na fírinne féin? Ba mhian leis a fháil amach cén bunús a bhí leis an ceisteanna úd agus arbh fhéidir míniú úr a dhéanamh orthu. Ní ceart a rá, mar sin, gurbh fháidh é agus Toil na Cumhachta mar fháistine aige. Ba dhóigh leis go raibh fealsúnachtaí níos saoire á bhfógairt aige faoi phrionsabail mhorálta agus mheitifisiceacha araon.
 
I gcoitinne, déanann an frása ''Toil na Cumhachta'' tagairt do cháilíocht ginearálta a bhaineann le ''teacht ar an saol'': ní féidir le haon réaltacht fanacht laistigh dá teorainn féin. Is ionann toil chun cumhachta a bheith agat agus gan a bheith comhionann leat féin riamh; caithfidh tú dul lastall díot féin. Ach ní féidir gluaiseacht chun cinn mar sin mura samhlaítear an chumhacht mar riachtanas sealbhaithe, mar bhua a fhaightear ar rud atá ag cur i do choinne: téann an Toil úd i neart, mar sin, i mbun an angair, nó tugann sí iarracht ar í féin a chur i bhfeidhm ar dhóigh eile. Mar a deir Nietzsche: Is ionann a bheith ann agus treisiú.
 
Is amhlaidh nach mbíonn fonn ar an toil cumhacht a bhaint amach mar chuspoir ann féin, ach go dteastaíonn uaithi a cumhacht féin a dhearbhú. Seo bunús dearcaidh nua, i dtreo gur féidir na prionsabail idéalacha Phlatónach-Críostaí a chealú agus cur in aghaidh na staire mar a tháinig sí chun cinn faoi anáil [[Platón|Phlatóin]].
 
== Leabhair ==
*Magnus and Higgins, "Nietzsche's works and their themes", in ''The Cambridge Companion to Nietzsche'', Magnus and Higgins (eag.), University of Cambridge Press, 1996, lgh 21–58. ISBN 05213676700-521-36767-0
 
*Seung, T.K., ''Nietzsche's Epic of the Soul: Thus Spoke Zarathustra''. Lanham, MD: Lexington Books, 2005. ISBN 07391113020-7391-1130-2
 
* Nietzsche, ''Lettres choisies'', litreacha a d'aistrigh Alexandre Vialatte go Fraincis, Gallimard, 1937. 147 litir ó lámh Nietzsche.
Líne 33:
* Friedrich Nietzsche, ''Correspondance'': Giorgio Colli agus Mazzino Montinari a roghnaigh na litreacha, Henri-Alexis Baatsch, Jean Bréjoux agus Maurice de Gandillac a d'aistrigh. Gallimard. Cúig imleabhar; tháinig trí cinn amach.
 
== Naisc Sheachtracha ==
* [http://www.nietzschesource.org/ Nietzsche Source: Leagan digiteach de na saothair uile: eagrán criticiúil Gearmáinise / Macasamhail dhigiteach de cháipéisí uile Nietzsche ]
 
Líne 86:
[[he:פרידריך ניטשה]]
[[hi:फ्रेडरिक नीत्शे]]
[[hif:Friedrich Nietzsche]]
[[hr:Friedrich Nietzsche]]
[[hu:Friedrich Nietzsche]]